Féilte Chorca Dhuibhne: léacht le Seán Mac an tSíthigh ar FB anocht

Cé méid duine agaibh ná seasfadh sa tsneachta ag éisteacht le Gaolainn bhinn, bhlasta, Bhaile Eaglaise-ach Sheáin Mhic an tSíthigh? Níl éinne agaibh! Pé acu an bhfuil suim agaibh san fhilíocht, nó ná fuil, mholfainn go hard na spéire, féachaint ar Léacht na Féile anocht, sí sin An Fhéile Bheag Filíochta, léacht a thabharfaidh Seán, nó @Buailtin, mar is fearr aithne air ar na saolta seo, ar 20.00.

 Mo Shlán le Gleann Aoibhinn an Mháma: Imirce in Amhráin agus Filíocht na nDaoine an teideal atá baiste ar an léacht seo, a bheidh le clos ar leathanach Facebook na Féile.

Mura mbeidh ar do chumas freastal ar ócáid na hoíche anocht, (cén áit eile a bheidh tú, áfach? #Leibhéal5), fanfaidh an nasc go dtí an léacht ar an leathanach Facebook ar feadh cúpla seachtain, a dúirt Stiúrthóir na Féile, Simon Ó Faoláin. 

Níl aon leithscéal againn, mar sin! D’fhéadfá CNN NEWS a bheith ar an dteilifís, ar eagla go gcaillfeá aon ní ó na Stáit Aontaithe agus Seán Mac an tSíthigh a bheith ar an ríomhaire glúine!

Creid é nó ná creid, agus ní haon iontas é, ach tá an cheardlann filíochta i nGaolainn ar maidin amárach leis an bhfile iomráiteach Áine Uí Fhoghlú ón Rinn lán. Tá taithí mhaith ag Áine a bheith ag cur cnuasaigh filíochta i gcló agus taithí leis aici a bheith ag aithris a cuid dánta doimhne suimiúla leis an bpobal ar na meáin chraolta.

Tá súil ag bunaitheoirí na Féile Bige go mbeidh gnáthfhéile acu an bhliain seo chugainn, ach idir an dá linn, tá súil acu go mbainfidh an pobal sult as an méid atá á sholáthar ag an bhféile ar líne an deireadh seachtaine seo.

Ag caint ar chúrsaí litríochta, beidh Féile Liteartha An Daingin ar siúl i gceann coicíse, nó Dingle Lit, mar a thugann siad orthu féin agus an iliomad ceardlann, léacht, ócáid agus comhrá beartaithe le scríbhneoirí ar fuaid an domhain, idir ócáidí i nGaolainn agus i mBéarla.

Chun tús spraíúil a chur le himeachtaí, beidh ceardlann ar conas deochanna meisciúla suimiúla bunaithe ar an sraith Peaky Blinders a dhéanamh, ar bun ar an idirlín oíche Déardaoin an 19 Samhain.

Ar cheann de na rudaí is mó, b’fhéidir a sheasfaidh amach dos na Gaeil, tá ócáid chainte ana-shuimiúil ina mbeidh an fear thuas, Seán Mac an tSíthigh, i mbun comhrá leis an scríbhneoir Manchán Magan agus sé an teideal a bheidh ar an ócáid ná Thirty Two Words for an Irish Field, is é sin an teideal ar an leabhar is déanaí ó Magan.

Ina theannta san beidh an t-iarchraoltóir Mary Kennedy i mbun cainte le Siobhán Prendergast ó Chorca Dhuibhne Dé hAoine agus is as Gaolainn a bheidh an comhrá san.

Beidh na BAEs ó Beo Ar Éigean le clos chomh maith i mbun siamsaíochta le linn na féile agus mórán Éireann rudaí eile, mar sin caithigí bhur súil ar an suíomh www.dinglelit.ie agus gheobhaidh sibh blaise den méid atá romhaibh.

Mura bhfuil bhur sáith ansan agaibh d’fhéilte Gaeltachta, beidh Éigse Dhiarmuidín chugainn ar líne ó Mhúscraí i gceann míosa, agus i dtús na bliana seo chugainn, Scoil Cheoil an Earraigh!

SCÉALTA EILE