Feis Thoraí & Féile Jimmí Mhairí Bhillí agus imeachtaí eile

Feis Thoraí & Féile Jimmí Mhairí Bhillí 

Aoine 21 Bealtaine @20:00 

Cuireadh tús le Feis Thoraí in 2001 chun tradisiún amhránaíochta ar an tsean-nós i dToraigh a chaomhnú agus a bhuanú. Ó shin i leith, tá amhránaithe ó chuile ghlúin ag glacadh páirte ann, agus feis na bliana seo ag tarlú anocht! 

Beidh an fheis le feiceáil ar Facebook.

Coirnéal an Cheoil 

Satharn 22 Bealtaine @13:00 

Ní stopann an ceol le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, le Coirnéal an Cheoil ag leanúint ar aghaidh ar an Satharn beag seo. Beidh buaiteoirí́ Réalta & Gaolta TG4 2019, Máire agus Étáin Ní Churraoin as Rath Chairn na Mí, nó An Chéad Ghlúin Eile mar a thugtar orthu, ag casadh dúinn ag am lóin amárach. 

Beidh an ceol le feiceáil agus le cloisteáil ar Facebook na Cultúrlainne.

Deochanna Beir Leat 

Dé Satharn & Dé Domhnaigh 22 & 23 Bealtaine 

Agus Club Chonradh na Gaeilge dúnta le os cionn bliana, beidh na doirse ar oscailt arís ag an deireadh seachtaine do na Gaeil san ardchathair. Beidh deis ann dul chuig 6 Sráid Fhearchair, cúpla pionta a cheannach agus iad a thabhairt áit éicint in aice láimhe, ach níos tábhachtaí fós beifear in ann tacaíocht a thabhairt don Chlub! 

Oíche Áirneáin – Scéalta agus Ceol 

Máirt 25 Bealtaine @19:00 

Beidh oíche eagraithe ag Richie Conroy, Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2021 DCU lán le ceol, filíocht agus scríbhneoireacht eile. Beidh an ceoltóir John Spillane ann freisin, agus deis iontach do dhaoine cruthaitheacha bualadh lena cheile agus scíth a ligean. 

Is féidir clárú don imeacht anseo.

Léamh Filíochta 

Céadaoin 26 Bealtaine @19:30 

Eagraithe ag Glór na nOileán, beidh Marcus Mac Conghail i láthair chun oíche shiamsaíochta a chur ar fáil dúinn. Is féidir cupán tae a ullmhú agus scíth a ligean fad is a léann sé filíocht dúinn. 

Is féidir clárú don imeacht anseo

SCÉALTA EILE