Femmes Fatales na Féinne

Duine ar bith a léigh alt liom faoi bheathaisnéisí na Féinne san iris seo, bheadh sé furasta don duine sin a bheith ag smaointiú gur ‘club buachaillí’ iad na Fianna. Ní olc an tomhais é seo, bunús stairiúil an ghrúpa seo san áireamh.

Chun easpa na mban sna scéalta seo a thuigbheáil, is gá an bunús stairiúil sin a phlé. Cé gur carachtair ón bhéaloideas iad Fionn mac Cumhaill agus a laochra, ba ann do ghrúpaí cosúil leis seo. 

In Éirinn, níos mó ná míle bliain ó shin, cuireadh páistí le teaghlaigh uaisle amach ar altramas go dtí go raibh siad 14 bliain d’aois nó mar sin. Pósadh na cailíní go luath ina dhiaidh sin is dócha ach ba ghnách leis na buachaillí tamall a chaitheamh i ngrúpa ar a gcuirtear ‘Fían’. 

Grúpaí iad seo ina raibh déagóirí fir ann nach raibh pósta agus nach raibh talamh acu. Chaitheadh na buachaillí seo cúig bliana nó mar sin ag seilg, ag troid, agus ag banaíocht go dtí go bhfuair siad talamh (ar bhás a n-athara den chuid is mó). Ba gnách leo ansin pósadh agus saol ‘ceart’ a chaitheamh sa tsochaí.

Bhí grúpaí mar seo coitianta ar fud na hEorpa sular bhain an Chríostaíocht áit a coise amach. Shíl an eaglais go raibh an cleachtas seo de throdaíocht, de sheilg, agus de bhanaíocht in éadan rialacha na dea-bheatha agus tháinig deireadh leis (a bheag nó a mhór) sa naoú haois. 

Bhí dúil rómánsúil ag scéalaithe sa chleachtas seo sna haoiseanna ina dhiaidh sin agus ba de thairbhe na dúile sin a chum siad na scéalta Fiannaíochta atá againn anois.

Mar sin de, is é an bunús stairiúil taobh thiar de na grúpaí seo is cúis le heaspa na mban iontu. Seo ráite, tagann cúpla bean chun tosaigh sna scéalta agus déanfaidh mé plé ar roinnt acu thíos.

Niamh (Cinn Óir)

Níl Niamh le sonrú ach i scéal amháin, Oisín i dTír na nÓg, ach is scéal an-chlúiteach é seo agus Niamh an-chlúiteach dá bharr. Sa chuid is mó de na scéalta, is í iníon rí Thír na nÓg agus tagann sí go hÉirinn ag iarraidh Oisín a phósadh. I leaganacha eile den scéal banríon Thír na nÓg atá inti.

Mar is eol dúinn uilig, caitheann Oisín 300 bliain i dTír na nÓg sula dtugann sé cuairt ar Éirinn arís.

Sadhbh

Máthair Oisín agus bean Fhinn. I scéalta a phléann breith agus óige Oisín, deirtear go raibh Fionn ag seilg fia a thagann chuige níos moille an lá sin agus cruth mná uirthi. Míníonn sí go ndearna draoi fia di nuair a dhiúltaigh sí é a phósadh. Titeann Fionn agus Sadhbh i ngrá agus pósann siad, ach, lá amháin agus Fionn imithe, pilleann an draoi agus déanann sé fia di in athuair.

Caitheann Fionn tamall ag iarraidh Sadhbh a aimsiú. Ní éiríonn leis ach aimsíonn sé buachaill óg a mhíníonn go ndearna draoi inteacht fia dá mháthair. Aithníonn Fionn gur mac leis féin an buachaill seo agus cuireann sé ‘Oisín’ (fia beag) air.

Tá Sadhbh le fáil i scéalta eile agus í i gcruth fia. Tarlaíonn sé go dtéann madaidh na bhFiann sa tóir uirthi anois is arís agus tá scéal amháin ina dtagann sí a fhad le hOisín ag iarraidh air cuidiú léi. Sa scéal seo, bíonn ar Oisín Bran a mharú chun a mháthair a chosaint.

Gráinne

Iníon le Cormac mac Airt, bean álainn, agus carachtar an-chasta.

Ag tús an scéil Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, tá Fionn ag iarraidh pósadh arís agus socraíonn sé gur mhaith leis Gráinne, atá i bhfad níos óige ná é, a phósadh. Titeann Gráinne i ngrá le Diarmaid, ámh. I gcuid de na scéalta, saortar Gráinne ó locht nó luaitear go bhfeiceann sí ball seirce Dhiarmada. Saortar Diarmaid ó locht nó luaitear go minic go gcuireann Gráinne faoi gheasa é.

Tá go leor leaganacha éagsúla den scéal seo agus deiridh éagsúla leo. I gcuid acu, déanann Fionn iarracht maithiúnas a thabhairt don lánúin, mar shampla, ach, go ginearálta, faigheann Diarmaid bás nuair a ghortaítear é agus é ag seilg toirc. 

Tagann deiridh éagsúla ar scéal Ghráinne. I gcuid scéalta, críochnaíonn sí a saol léi féin ina baintreach. I scéalta eile, bíonn pósadh nach sona idir í agus Fionn. I scéalta eile, faigheann Gráinne bás fosta. Go minic is é Fionn a mharaíonn trí thimpiste í nuair a bhuaileann sé í agus é faoi bhrón mar gheall ar bhás Dhiarmada.

Agus sin iad cuid de na mná is clúití, is áille, agus is casta sna scéalta Fiannaíochta. 

SCÉALTA EILE