Beidh banríon draig as Texas, Delilah Pipes, ag gabháil fhoinn i nGaeilge ag ócáid mhór cheiliúrtha ar Bhliain na Gaeilge a bheidh ar bun in Ard-Chonsúlacht na hÉireann i New York anocht. In éineacht le Delilah beidh an láithreoir teilifíse Bláthnaid O’Donoghue, a chuir cláracha éagsúla i láthair ar TG4 agus RTÉ araon, an scríbhneoir John Kearns, grúpa mac léinn ó Áras na hÉireann in Ollscoil New York, chomh maith leis an file óg aitheanta agus scríbhneoir de chuid NÓS, Ciara Ní É.
Cruinneoidh pobal Gaeilge na cathrach móire, idir Éireannaigh, Ghael-Mheiriceánaigh, chainteoirí líofa, fhoghlaimeoirí agus Mheiriceánaigh a bhfuil spéis acu sa teanga agus sa gcultúr ag cruinniú san Ard-Chonsúlacht i Manhattan tráthnóna le ceiliúradh a dhéanamh ar 125 bliain d’Athbheochan na Gaeilge.
Tá súil ag lucht a heagraithe go dtabharfaidh an oíche mhór cheiliúrtha deis d’amhránaithe, scéalaithe, filí agus ceoltóirí a bhfuil bá acu leis an nGaeilge agus cónaí orthu i New York féin agus sna ceantracha máguaird, teacht le chéile, aithne a chur ar a chéile agus saothar a chéile a fheiceáil.
Dúirt duine de na heagraithe sin, Caoimhe Nic Giollarnáith, a labhair ar eagrán speisialta de Phod don Eolach a taifeadadh i New York an tseachtain seo caite, gur mhaith leis an ngrúpa ‘Gaeil Nua-Eabhrac’, a bunaíodh le deireanas, a thaispeáint go bhfuil “tallann iontach” ag Gaeil na cathrach.
“Cuireadh tús le hAthbheochan na Gaeilge 125 bliain ó shin agus ghlac Gael-Mheiriceánaigh ról lárnach ann. Mar sin beidh ceiliúradh á dhéanamh ag lucht na Gaeilge i Nua-Eabhrac le linn na bliana ach go háirithe anocht.
Ba mhaith linn a thaispeáint go bhfuil tallann iontach agus scileanna éagsúla ag na Gaeil atá ag cur fúthu i Nua-Eabhrac ionas go mbeidh deis ag Meiriceánaigh atá díreach tosaithe ag foghlaim na Gaeilge a fheiceáil céard is féidir leo a dhéanamh amach anseo,” a dúirt Caoimhe.
Caithfear ticéad a fháil don ócáid agus tá siad ar fáil saor in aisce ón leathanach Eventbrite atá ag Gaeil Nua-Eabhrac. Beidh Pop Up Gaeltacht speisialta ar siúl anocht freisin sa teach tábhairne Éireannach St Pat’s Bar ar West 46th Street.