Finscéalta, bochtanas, Ionúitigh agus an Ghaeltacht

Bhí idir fhinscéalaíocht na hÉireann, chóras sláinte poiblí na nIonúiteach, an Ghaeltacht agus an bochtanas in iarthar Bhaile Átha Cliath faoi chaibidil ag an réimse leathan cainteoirí a bhí ag labhairt ag Imbolc i nGaeltacht Chorcaí inniu.

Reachtáladh ‘TED Talks na Gaeilge’ in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne i Múscraí inniu mar ar labhair eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, faoin gcomórtas ‘Aonach Tailteann’ a bhunaigh sé féin agus Áine Ní Bhreisleáin, as Gaoth Dobhair anuraidh. Labhair Maitiú faoi thábhacht an spóirt agus na ndán do phobail Ghaeltachta agus pléadh ceisteanna níos doimhne a bhaineann le féiniúlacht mhuintir na Gaeltachta agus meon na n-óg sa nGaeltacht.

Ar na cainteoirí eile bhí an scríbhneoir Diarmuid Johnson, atá ag cur faoi sa mBreatain Bheag anois ach a tógadh i nGaillimh. Bhain leabhar Dhiarmada Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna Gradam Uí Shúilleabháin ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh. Chuir sé síos dá raibh i láthair ag Imbolc ar maidin ar an modh oibre a bhí aige scéalta a thógáil ó lámhscríbhinní ársa na hÉireann agus a gcur in oiriúint do léitheoir an lae inniu.

Dúirt sé gur sháraigh saibhreas agus feabhas na seansaothar Gaeilge seo saothar an tsaoi Shasanaigh William Shakespeare ach nach raibh teacht ag léitheoirí na linne seo go héasca orthu. Thug sé le fios go bhfuil an dara leabhar óna pheann Tuatha Dé Danann ina n-inseofar eachtraí na dTuath i bhfoirm úrscéil a mbeidh “tús agus deireadh leis”. Mhínigh Diarmuid gur “cosúla le ceol ná úrscéal” a bhíodh na seanscéalta Gaeilge agus nach mbíodh tús, lár ná críoch le go leor acu agus nach mbeadh a fhios ag an seanchaí féin cén t-ord a d’inseofaí na heachtraí éagsúla ar oíche sheanchais.

Tuatha Dé Danann á phrofáil i láthair na huaire ag Leabhar Breac in Indreabhán agus táthar ag súil lena fhoilsiú ag deireadh an Earraigh. Idir an dá linn, tá tús curtha ag Diarmuid leis an tríú leabhar a bhunófar ar scéalta na lámhscríbhinní, Tochmharc Éadaoine, agus súil aige é sin a fhoilsiú go luath freisin.

Labhair Caomhán Mac Con Iomaire, as Casla ó dhúchas ach atá anois ag cur faoi i mBaile Átha Cliath agus é ag obair leis an nGailearaí Náisiúnta, faoin “réabhlóid” atá tarlaithe le 15 bliain anuas sna meáin dhigiteacha agus an leas atá foireann an Ghailearaí ag baint astu le idir chuairteoirí “fisiciúla” agus chuairteoirí “digiteacha” a mhealladh chucu.

Thug sé léargas ar na cleasa agus straitéisí éagsúla atá curtha i bhfeidhm ag an nGailearaí le dul i ngleic leis na hathruithe a tháinig ar an mbealach a thagann cuairteoirí ar eolas le deich mbliana anuas agus faoi na deacrachtaí agus deiseanna a bhaineann leis na meáin dhigiteacha inniu.

Dúirt Caomhán go bhfuil “an réabhlóid tarlaithe cheana féin”, nach bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí stop le fás na meán digiteacha anois agus gur gá d’institiúidí ar nós an Ghailearaí dul i ngleic leo leis an tairbhe is fearr a bhaint astu. Dúirt sé go dtugann os cionn milliún duine “cuairt dhigiteach” ar an nGailearaí anois, is é sin le rá go mbítear ag tarraingt ar shuíomh idirlín an Ghailearaí agus ar a leathanaigh ar na mheáin shóisialta le breathnú ar na pictiúir atá ann agus tuilleadh eolais a fháil faoi na taispeántais éagsúla.

Is faoin ‘bhfiontraíocht pobail’ a labhair bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach SED Co (Social Enterprise Development Company) atá ag déanamh iarrachtaí dul i ngleic leis an mbochtanas i mBaile Formaid in iarthar Bhaile Átha Cliath. Mhaigh Rónán go raibh cur chuige an Stáit i leith an “bhochtanais sheasmhaigh”, is é sin le rá daoine a bhíonn bocht de shíor seachas daoine a thagann anuas sa saol ar feadh tamaill. Cruthaíonn SED Co deiseanna fiontraíochta do dhaoine bochta i mBaile Formaid agus cabhraíonn leo a ngnólachtaí féin a chur ar bun agus dul i ngleic leis an drochbhail eacnamaíochta a bhíonn orthu.

Cháin Rónán na hargóintí a chloistear go minic faoi ‘chultúr an bhochtanais’ nó an ‘dole culture’  agus dúirt nach roghnódh duine ar bith an saol sin mar gheall ar na deacrachtaí sláinte agus eile a bhíonn mar dhlúthchuid de. Dúirt sé gur gá breathnú ar an gceist ar bhealach eile agus iarracht eile a dhéanamh teacht ar réiteach ar an bhfadhb toisc nach bhfuil an cur chuige atá in úsáid ag an Stát le fada an lá ag obair.

Luaigh sé samplaí go leor den fhiontraíocht pobail agus é ag dul ar leas na ndaoine i mBaile Formaid agus leag amach a raibh bainte amach ag SED Co go dtí seo agus cuid de na pleananna móra atá aige do na blianta amach romhainn.

Ní ag caint amháin a bhí an Corcaíoch Kathleen Dinneen ach ag gabháil fhoinn in éineacht le baill eile ‘White Raven’, an grúpa ceoil a chanann amhráin thraidisiúnta na hÉireann agus a bhíonn ag plé leis an gceol meánaoiseach Eorpach freisin. Thug Kathlenn léargas ar an oiliúint a fuair sí san amhránaíocht, idir an amhránaíocht Ghaelach agus amhránaíocht mheánaoiseach na hEorpa, agus ar an gcaoi ar cheangail sí an dá stíl le chéile le White Raven. Chan sí féin agus a beirt chomhghleacaithe Robert Getchell agus Mathias Spoerry amhráin ón dá thraidisiúin.

Tá seacht mbliana caite ag Maebh Ní Fhallúin ag déanamh staidéir agus ag obair i réimse na sláinte poiblí i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Bhain a caint siúd lena taithí sa réimse sin, ón tréimhse a chaith sí sa India agus ag obair le muintir na hIndia i Londain dá cuid staidéir ar stair na sláinte poiblí ar fud an domhain.

Fuair Maebh locht mór ar an gcóras sláinte poiblí in Éirinn agus thug eolas faoi chórais éagsúla timpeall na cruinne. Labhair sí go sonrach faoi phobal atá in Anchorage in Alaska a chaith an córas sláinte poiblí a thug an stát isteach ann in aer agus a bhunaigh a gcóras féin bunaithe ar nósanna agus ar chreideamh na mbundúchasach sa gceantar. Beidh Maebh ag obair i mbliana le foireann taighde i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath leis na bealaí a d’fhéadfaí córas éifeachtach uilíoch sláinte poiblí a chur i bhfeidhm sa tír seo.

Cuireadh clabhsúr le hImbolc na bliana seo le físeáin den chaint a thug Domhnall Mac an tSíthigh, as Corca Dhuibhne, ag ócáid de chuid na féile ag Electric Picnic in 2015. Bhásaigh Domhnall go tobann anuraidh agus é ar Chamino an tSáile. Ba chara mór na féile é agus bhí an-tionchar go deo aige ar bhunaitheoirí Imbolc, Tomás agus Bernice Uí Aodha, agus iad ag freastal ar imeachtaí Gaeltachta i gCorca Dhuibhne le blianta anuas. Bhain an chaint a taispeánadh leis an turas mór farraige a thug Domhnall in éineacht le ceathrar eile ó Éirinn go Santiago ar ‘Chamino an tSáile’. Lasadh coinnle i gcuimhne an fhir nach maireann ag an ócáid.

SCÉALTA EILE