Tá an dara ceann de cheithre fhísdán a rinne an complacht nuafhilíochta Reic níos túisce i mbliana curtha ar líne ag Áras na Scríbhneoirí. ‘Dán Crá’ is teideal don dán a scríobh an file aitheanta as Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath Ciara Ní É.
Foilsíodh ‘Raithneach’ le Séamus Barra Ó Súilleabháin an tseachtain seo caite agus táthar ag súil le dánta ó Eoin P Ó Murchú agus Lauren Ní Chasaide san seachtainí amach romhainn.
Is file agus scríbhneoir í Ciara Ní É a bhfuil clú mór uirthi i saol na Gaeilge mar gheall ar a cuid filíochta agus físeáin eile a chuireann sí ar a leathanach YouTube. Ba í a chuir an oíche nuafhilíochta Reic ar bun i mBaile Átha Cliath. Chuir sí tús leis an togra seo físeán, i gcomhar le hÁras na Scríbhneoirí nuair a chonacthas di go raibh “géarghá le tuilleadh [físeáin ina dtaispeántar cruthaitheacht na bhfilí Gaeilge] a chruthú”.
Dúirt sí go léireoidh an togra “tacaíocht an phobail agus tábhacht na hoibre atá idir lámha” ag na filí go mbeidh sé “mar spreagadh do dhaoine óga” agus iad ag breathnú ar an “scríbhneoireacht nuálach” seo.
Beidh an chéad oíche eile Reic ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 24 Eanáir 2019.