FÍSDÁN: Dán Grá (Don Idirlíon)

Tá an tríú ceann de cheithre fhísdán a rinne an complacht nuafhilíochta Reic ag deireadh na bliana seo caite curtha ar líne ag Áras na Scríbhneoirí. ‘Dán Grá (Don Idirlíon)’ is teideal don dán a scríobh Eoin P Ó Murchú as Baile Átha Cliath, agus a taifeadadh in áiteanna éagsúla ar fud na cathrach.

Foilsíodh dhá ‘fhísdán’ eile go dtí seo, ‘Raithneach’ leis an gCiarraíoch Séamus Barra Ó Súilleabháin agus ‘Dán Crá’ leis an bhfile aitheanta as Cluain Tarbh Ciara Ní É. Foilseofar ceann amháin eile leis an amhránaí Lauren Ní Chasaide sna seachtainí amach romhainn.

Is scríbhneoir, file, drámadóir, aistritheoir, fuirseoir, peileadóir, iománaí, ealaíontóir, ateangaire, scéalaí, eachtraí, óráidí, díospóir, agus cleasaí é Eoin P Ó Murchú, atá ag scríobh le NÓS le fada an lá. Tá imeartas focal glic le fáil sa dán nua seo uaidh ina chuirtear síos ar an gcaidreamh atá againn leis an idirlíon sa lá atá inniu ann.

Is í Ciara Ní É, bunaitheoir REIC, atá i mbun an togra seo. Is file agus scríbhneoir í a bhfuil clú mór uirthi i saol na Gaeilge mar gheall ar a cuid filíochta agus físeáin eile a chuireann sí ar a leathanach YouTube. Tá an togra seo ar siúl aici i gcomhar le hÁras na Scríbhneoirí nuair a chonacthas di go raibh “géarghá le tuilleadh [físeáin ina dtaispeántar cruthaitheacht na bhfilí Gaeilge] a chruthú”.

Dúirt sí go léireoidh an togra “tacaíocht an phobail agus tábhacht na hoibre atá idir lámha” ag na filí go mbeidh sé “mar spreagadh do dhaoine óga” agus iad ag breathnú ar an “scríbhneoireacht nuálach” seo.

Beidh an chéad oíche eile Reic ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 24 Eanáir 2019.

SCÉALTA EILE