FÍSDÁN: Raithneach

Tá an chéad cheann de cheithre fhísdán a rinne an complacht nuafhilíochta Reic níos túisce i mbliana curtha ar líne ag Áras na Scríbhneoirí. ‘Raithneach’ is teideal don dán a scríobh an file aitheanta as Contae Chiarraí Séamus Barra Ó Súilleabháin.

Dúirt eagraí Reic, Ciara Ní É, gur iontach iad na físeáin atá ar líne cheana féin ina dtaispeántar cruthaitheacht na bhfilí Gaeilge, ach go bhfuil “géarghá le tuilleadh a chruthú”. Chuige sin a cuireadh an togra nua seo ar bun agus “físdánta” ar ardchaighdeán á gcruthú le roinnt  ar na meáin shóisialta. 

Tá na filí agus lucht an togra ag iarraidh filíocht an lae inniu a scaipeadh “ní hamháin ar leathanaigh, agus ar an scáileán i bhfoirm scríofa, ach trí thaifead agus físeáin” freisin. 

File óg, corraitheach is ea Séamus Barra Ó Suilleabháin “a léiríonn fuinneamh agus doimhneacht ina chuid scríbhneoireachta”. Bhuaigh sé an All-Ireland Poetry Slam sa bhliain 2011 & d’eisigh sé a chéad chnuasach filíochta Beatha Dhónaill Dhuibh in 2017.

Dúirt Ciara Ní É go léireoidh an togra “tacaíocht an phobail agus tábhacht na hoibre atá idir lámha” ag na filí go mbeidh sé “mar spreagadh do dhaoine óga” agus iad ag breathnú ar an “scríbhneoireacht nuálach” seo. 

Tá na físeáin le foilsiú ar líne sna míonna amach romhainn.

SCÉALTA EILE