Tá an dán deiridh sa tsraith ‘FísDÁNTA’ eisithe ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann. Inné a foilsíodh an dán ‘Tarraingt’ leis an amhránaí Lauren Ní Chasaide, an ceathrú físeáin ó cuireadh tús leis an tsraith ag deireadh na bliana seo caite.
Is ceoltóir óg as Baile Átha Cliath í Lauren Ní Chasaide. Chuir sí a céad EP amach le deireanas, bailiúchán amhrán i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sí i mbun roinnt tograí ceoil faoi láthair. Tá súil aici albam stiúideo agus físeáin cheoil a chur amach amach anseo chomh maith leis an nGaeilge a chur chun cinn “i mbealaí úra agus cruthaitheacha”.
Ba í Lauren féin a rinne an ceol atá le cloisteáil sa bhfíseán nua seo i gcomhar le Cathy Ní Néill. Seán T Ó Meallaigh a stiúir an físeán agus Ciara Ní É a léirigh. Taifeadadh na físeáin seo in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath in 2018 agus eisíodh i gcaitheamh na seachtainí atá díreach imithe tharainn iad.
Ar na filí eile a bhí sa togra bhí Ciara Ní É féin, Séamus Barra Ó Súilleabháin, agus Eoin P Ó Murchú, filí atá lárnach sa gcomplacht filíochta Reic, a d’oibrigh le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann leis na físeáin a dhéanamh. Dúirt Ciara gur iontach iad na físeáin atá ar líne cheana féin ina dtaispeántar cruthaitheacht na bhfilí Gaeilge, ach go bhfuil “géarghá le tuilleadh a chruthú”. Chuige sin a cuireadh an togra nua seo ar bun agus “físdánta” ar ardchaighdeán á gcruthú le roinnt ar na meáin shóisialta.
Dúirt sí go léireoidh an togra “tacaíocht an phobail agus tábhacht na hoibre atá idir lámha” ag na filí go mbeidh sé “mar spreagadh do dhaoine óga” agus iad ag breathnú ar an “scríbhneoireacht nuálach” seo.
Beidh an chéad oíche eile Reic ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 24 Eanáir 2019.