Bhí an-díomá ar phobal na Gaeilge nuair a d’fhógair lucht eagraithe Fhéile na Gealaí nár fhéad dul ar aghaidh leis an bhféile cheoil is mó i saol na Gaeilge mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh. Ach níor fágadh ar an trá fholamh uilig muid ó d’fhógair lucht na féile tamall ina dhiaidh sin go mbeifí ag reáchtáil leagan digiteach den ócáid ar líne.
Is féidir súil a chaitheamh siar ar YouTube ar Thadhg, Emma Ní Fhíoruisce agus JJ Ó Dochartaigh a thug Féile na Gealaí ó mhachairí méithe na Mí go dtí seomra suite na nGael ó cheann ceann na tíre oíche Dé Sathairn.
Féach thíos:
Tadhg
Emma Ní Fhíoruisce
JJ Ó Dochartaigh
Chomh maith leis an gceol beo ar líne oíche Dé Sathairn, reáchtáil Féile na Gealaí comórtas leis na daoine is fearr gléasta, an teach is fearr maisithe agus an feisteas is fearr Bród a aimsiú:
Ár mbuíochas libh uilig a bhí linn aréir ag #FnaG20 & leis na ceoltóirí iontacha @jjdoire19 @emma_ni_f @ClannMhic &Tadhg🎶
— Féile na Gealaí (@FeilenaGealai) June 14, 2020
Seo thíos buaiteoirí na gcomortás a bhí á reáchtáil aréir. Comhghairdeas leo! Beidh muid i dteagmháil go luath chun na duaiseanna ó @beanantees a dháileadh🏆 pic.twitter.com/pWimaYj1Bn
Tá súil ag lucht a heagraithe go mbeidh Féile na Gealaí ar siúl arís an samhradh seo chugainn i Ráth Chairn.