Seoladh fhíseán nua Lauren Ní Chasaide dá hamhrán Fásta, Róisín Dubh, An Ghaillimh Dé hAoine 22 Márta @ 20:00
Tá físeán nua ag an gceoltóir Lauren Ní Chasaide dá hamhrán ‘Fásta’. Taispeánfar é den gcéad uair anocht sa Róisín Dubh. Saothar na beirte Oisín Mistéil agus Seán Ó Ciardha ó Taisce Shorts atá i gceist. Ag an ócáid chomh maith, cloisfear filíocht ó Chiara Ní É, agus beidh crannchur ar bun le hairgead a bhailiú do Chumann Shíomóin na Gaillimhe, cúis mhaith! Tá an t-amhrán cloiste agam aghs tá sé go haoibhinn. Le clos in éineacht le Lauren tá Sadhbh O’Brien (fonnadóireacht taca) agus Cathy Ní Néill ar an veidhlín.
Gig RéamhBrexit ag GaelGáirí, Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC Dé hAoine 22 Márta @ 21:30
Tá gáire uainn ar fad ó am go ham agus beidh cad é gáirí le clos ó Chlub Chonradh na Gaeilge anocht áit a mbeidh seó de chuid an ghrúpa GaelGáirí ar bun. Gig Réamh-Brexit atá siad ag tabhairt air, agus tá go leor a chuirfidh meangadh ar bhur n-aghaidh ar liosta na bhfuirseoirí! Ar an liosta tá Julie Jay, Eoin P Ó Murchú, Cillian Ó Braonáin, Aideen McQueen agus Meadhbh Darmody, i measc eile. Bí leo óna leath huair tar éis a naoi. Deacair buachan ar oíche i gClub an Chonartha chomh maith!
Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Amharclann GB Shaw, Ceatharlach, Dé Sathairn 23 Márta @ 20:00
Beidh amhráin nuachumtha le clos i gCeatharlach an Satharn seo nuair a rachaidh 16 amhránaí san iomaíocht sa Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2019. Is in Amharclann George Bernard Shaw a bheidh an comórtas ar bun. Ar na moltóirí beidh an ceoltóir agus cumadóir áitiúil Liam Lawton; Seán Ó hÉanaigh, ceoltóir agus craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus bean a bhuaigh an comórtas seo sa bhliain 2017, Emer Ní Fhlaitheartaigh! Ní hamháin go mbeidh €1,000 le buachan ag an té a thiocfaidh sa chéad áit ach rachaidh siad ar aghaidh le bheith san iomaíocht ar son na tíre seo ag an gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ag an bhféile sin a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn aimsir na Cásca. Go n-éirí leo ar fad.
Jingle Bang Jangle, Amharclann na Taibhdheirce, 28-31 Márta @ 20:00
Tá dráma de chuid an scríbhneora Pádraig Ó Giollagáin, Jingle Bang Jangle ar ardán na Taibhdheirce faoi láthair. Liosta le háireamh atá sa chliar don léiriú seo! Sorcha Ní Chéide, Treasa Ní Cheannabháin, Peadar Cox, Fred McCloskey agus Fionnuala Ní Fhlatharta i measc go leor eile! Is é Rod Goodall an stiúrthóir agus neostar dom go bhfuil greann agus gnéas fite fuaite le chéile sa saothar seo atá bunaithe ar The Miller’s Tale, le Chaucer.