20 bliain ó shin an tseachtain seo thug Oireachtas na Samhna cuairt ar Bhéal Feirste don chéad, agus don aon, uair riamh.
Reáchtáladh imeachtaí idir iarthar Bhéal Feirste agus lár na cathrach agus ba é Méara na linne, Alban Maginness ón SDLP, a d’oscail an fhéile ag Halla na Cathrach.
Tá cuid de thuairisc a rinne an BBC ag an am foilsithe anois acu ar líne.
Is é glór cheannasaí reatha BBC Gaeilge, Karen Kirby, atá le cloisteáil san fhíseán agus i measc na gcainteoirí eile atá sa phacáiste tá Gearóid Ó Cairealláin, Ciarán Ó Feinneadha agus Stiúrthóir an Oireachtas, Liam Ó Maolaodha.
Tosaíonn Oireachtas na bliana seo i gCill Airne amárach, Dé Céadaoin 1 Samhain.