FÍSEÁN: ‘Teanga’


Is breá linn mar Ghaeil an fhilíocht agus inniu tá muid ag foilsiú físeán nua de dhán leis an fhile Gearóid Mac Lochlainn.

Is as Béal Feirste é Gearóid, atá i measc na bhfilí is ceannródaí sa Ghaeilge, agus is ina chathair dhúchais a taifeadadh an físeán thuas.

Spreagadh an stiúrthóir, Gráinne Holland, an dán a scannánú tar éis comhrá le duine le déanaí.

“Cuireadh ceist orm ar na mallaibh cén fáth a mbím ag ceol i nGaeilge don chuid is mó, go háirithe, dar leo, nuair nach bhfuil mórán deiseanna Gaeilge a labhairt i mBéal Feirste taobh amuigh den seomra ranga,” arsa Gráinne.

“Chuir seo iontas orm agus chuir sé mé ag smaointiú ar cé chomh beo is atá an teanga anseo ó thuaidh agus i mo chathair féin, Béal Feirste.

“Tá sí le cluinstin sna siopaí, sna páirceanna súgartha, ar na sráideanna, i measc na gceoltóirí.

“Ní raibh deacracht agam riamh an Ghaeilge a labhairt i mo chathair féin taobh amuigh den seomra ranga.

“Chuir sé dán de chuid Ghearóid Mhic Lochlainn i gcuimhne dom agus shíl mé go dtiocfadh linn an dán sin a úsáid le pobal beo bríomhar s’againne, agus an teanga féin, a chéiliúradh.”

Tá muid an-bhuíoch de gach duine a chuidigh linn an físeán a dhéanamh… agus beidh tuilleadh le theacht gan mhoill!


Tá leagan den fhíseán le haistriúchán Béarla le fáil anseo.

SCÉALTA EILE