Fleá na bPrátaí

Cé go bhfuil an-chaint ar Sheachtain na Rásaí i nGaillimh le roinnt laethanta anuas, inniu cuirfear tús le ‘Fleá na bPrátaí’, seoid bheag d’fhéile i nGleann na Sceiche, Baile Locha Riach atá ag ceiliúradh a cúigiú bliain déag ar an fhód.

Féile deireadh seachtaine teaghlaigh atá i gceist a tharraingíonn Gaeil le chéile ó chuile chearn den tír agus iad ag súil le bheith páirteach in imeachtaí ailtéarnacha na féile.

Dúirt Pádraig Ó Baoill, an fear atá taobh thiar den fhéile, nó Padaí ‘an Draoi’ Rua mar is fearr aithne air i measc na nGael, go bhfuil sé ag súil le slua de bhreis agus ceithre scór a bheith i láthair ann i mbliana.

“Cóisir mhór chomhluadair atá ann. Beidh muid ag tochailt agus ag ithe prátaí agus ag tabhairt faoi rásaí prátaí thar an deireadh seachtaine,” arsa sé.

Beidh seisiúin scéalaíochta, amhránaíochta, fhilíochta, damhsa agus cheoil ar siúl le linn na féile agus cuirfear béim faoi leith ar imeachtaí na n-óg go háirithe, ina measc rásaí na bprátaí, priontáil, mórshiúl traidisiúnta an phortaigh agus cluichí gairdín eile.

Flea

Bígí cinnte chomh maith go mbeidh prátaí thuas ar bharr an liosta sa bhiachlár le linn an deireadh seachtaine agus go mbeidh daoine samhlaíocha ann agus iad ag teacht le spiorad na féile.

Mhínigh Pádraig Rua gur leithscéal a bhí san fhéile i dtús ama daoine a bhailiú le chéile, idir chomharsana agus chuairteoirí, agus gur tháinig barr maith ar an iarracht gach bliain.

Ar cheann de na rudaí is iontaí faoin fhéile tá an dul chun cinn a dhéanann daoine óga ó thaobh amhrán agus ceoil de.

“Tagann feabhas mór ar na daoine óga bliain ndiaidh bliana agus faigheann siad spreagadh cleachtadh agus cur lena stór amhrán, dánta agus ceoil,” arsa sé.

Más spéis leat a bheith i láthair déan teagmháil le Padaí Rua ar padraigrua@gmail.com nó cuir scairt ar +35390 9675957 

SCÉALTA EILE