Ceardlann: Bàrd, File, Bardd, Dé Máirt 7 Iúil @ 18:00
Arís an tseachtain seo tá tagairt á déanamh agam d’imeachtaí Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, a bhfuil obair na gcapall ar siúl acu i rith aimsir seo an choróinvíris.
An chéad ócáid eile a mheall mé, ná an cheardlann a bheidh ar bun acu an tseachtain seo chugainn, bunaithe ar theangacha dúchais. Na filí Ifor ap Glyn, de bhunadh na Breataine Bige, Pàdraig MacAoidh ó Eilean Leòdhais agus Ciara Ní É na tíre seo a bheidh le clos agus amach anseo cuirfidh siad saothar os ár gcomhair, bunaithe ar na comhráití a tharlóidh le linn an tseisiúin seo. bronagh@culturlann.ie don eolas ar fad.
Fleadh Scannán na Gaillimhe, 7-12 Iúil 2020
De ghnáth an t-am seo bliana, bheadh cathair na Gaillimhe faoi dháir agus Fleadh Scannán na cathrach faoi lán seoil. Ná ceap áfach go bhfuil sé ligthe i ndearúd… níl ná é! Beidh an fhéile ar siúl, ar líne, áit a mbeidh tú in ann féachaint ar 73 gearrscannán; 40 scannán; 35 ócáid, (a chraolfar beo) agus 10 scannán nach bhfacthas riamh cheana, ach go mbeidh an première ag #FilmFleadh – sin an haischlib le húsáid dála an scéil!
Bí ag faire don scannán A Maverick Islander, faoi Sheán Ó Loingsigh ó Chonamara, fear a n-éiríonn leis cúrsa gailf a chruthú sa phortach! Craolfar ar an 12 Iúil é agus beidh Q&A leis an gcriú agus cliar le feiscint ina dhiaidh!
Ranganna amhránaíochta, eagraithe ag Cairde Teo, gach Luan @15:00
Ar chuala tú trácht ar an eagraíocht Cairde Teo riamh? Is grúpa atá ann d’oibrithe pobail, taighdeoirí acadúla, lucht ceardchumainn agus feachtasóirí Gaeilge atá lonnaithe in Ard Mhacha.
Tá siad gníomhach agus faoi láthair tá ranganna amhránaíochta ar bun acu ar Zoom. Tá cúpla rang déanta acu go dtí seo, ach é i gceist acu leanúint leo go dtí an 20 Iúil (uair sa tseachtain, gach Luan). Tá fáilte roimh rannpháirtithe nua, ach teagmháil a dhéanamh le sean@cairdeteo.com nó dul chomh fada lena leathanach Facebook!
Coirm do Mholli, ar son ‘Le Chéile do Mholli’, Dé Sathairn 4 Iúil @ 19.00
Tá liosta le háireamh de cheoltóirí a bheidh ag teacht le chéile do choirm chun airgead a bhailiú do Mholli de Búrca, cailín óg ó Ros Muc a bhfuil an galar SMA uirthi. Lé Chéile do Mholli ainm an fheachtais agus is tríd sin atá go leor airgid bailithe chun cabhrú lena cuid costais maireachtála.
Go laethúil teastaíonn aire mhaith ó Mholli agus d’fhéadadh idir trí agus cúig choinne dochtúra a bheidh aici gach aon seachtain toisc an galar seo a bheith uirthi, galar a mbíonn tionchar aige ar a cuid matán.
Amárach beidh scata ceoltóirí i mbun siamsaíochta chun airgead a bhailiú – leithéidí Mhíchíl Uí Chonghaile, Fóidín Meara, Briocán Bairéad, Aerach – i measc scata eile!
Craolfar an choirm ó Choláiste Cuimhneacháin an Phiarsach i Ros Muc agus is í Fiona Ní Fhlaithearta a bheidh ina bean an tí don ócáid! Is féidir síntiús a thabhairt ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo.