Tá cuid d’fhoireann Ghaillimh 2020 “ligthe chun bealaigh” ag bord na féile mar gheall ar na deacrachtaí atá á gcruthú ag an víreas corónach. Dúradh i ráiteas a eisíodh inniu nach mbeidh ach “creatlach d’fhoireann” ag obair ón lá inniu go ceann trí seachtaine ar a laghad.
Dúradh go bhfuil “an-díomá” ar an mbord gurbh éigean dóibh an cinneadh a dhéanamh agus gur mian leo “aitheantas a thabhairt don fhoireann go léir” as “a gcuid oibre crua agus a dtiomantas do Ghaillimh 2020”.
“Táimid aireach faoin misean atá mar bhonn agus thaca ag Gaillimh 2020 ón tús – chun clár a chur ar bun a dhéanfaidh ceiliúradh ar chruthaitheacht na Gaillimhe, dul i ngleic le pobail ar fud na cathrach agus an chontae chun cleachtas cultúrtha láidir agus buan a éascú, agus chun an dúshraith a leagan síos d’oidhreacht inbhuanaithe d’oibrithe cultúrtha agus do phobail chultúrtha sa todhchaí,” a dúirt Cathaoirleach Ghaillimh 2020 Arthur Lappin.
Dúirt sé gur “dúshlán shuntasacha” iad na dúshláin nua airgeadais agus ama atá anois ann de bharr an víris chorónaigh agus gur fágadh gur ghá “athruithe phianmhara” a dhéanamh ar phleananna lucht na féile don bhliain seo.
“Déanfaidh muid ár ndualgaisí a fheidhmiú ar bhealach coinsiasach agus éifeachtach laistigh de na hacmhainní agus na srianta a gearradh orainn. Tá sé tábhachtach a rá gurb iad na cinntí atá á ndéanamh againn anois an t-aon beart freagrach is féidir linn a dhéanamh sna cúinsí seo,” a dúirt sé.
Dúradh sa ráiteas go bhfuil “dlúthchomhairliúchán” ar bun leis an gCoimisiún Eorpach; an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; Comhairle Cathrach na Gaillimhe; agus Comhairle Contae na Gaillimhe agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh “clár imeachtaí atá inmharthana [agus] bríomhar” ann níos deireanaí sa bhliain mar thoradh ar na cainteanna sin.
Drochbhliain amach is amach a bhí ann do Ghaillimh 2020. Cuireadh seoladh na féile ar ceal ag tús mhí Feabhra mar gheall ar stoirmeacha móra a bhí ag réabadh chósta an iarthair agus is beag imeacht a tharla ó shin mar gheall ar na srianta a tugadh isteach le dul i ngleic le scaipeadh an víris chorónaigh.