Mothaíonn ár gcolúnaí Siún Ní Dhuinn gur múchadh splanc inti tamall ó shin agus fiosraíonn sí luach na healaíne pobalghníomhaí mar fhoinse inspioráide.
Nílim cinnte cén uair agus cad chuige ar múchadh an splanc ionam, ach le tamall anuas bhí easnamh ionam.
Tá a fhios ag an saol go mbíonn thuas seal ann agus go mbíonn thíos seal ann.
Ach an raibh seal agatsa riamh nuair nach raibh tú cinnte cén treo a bhí tú ag dul?
Arbh é deireadh an tolláin a bhí díreach os do chomhair nó an raibh casadh eile ann nach raibh le feiceáil go fóill?
Nuair a chinn mé mo phost buan, ciallmhar a fhágáil le déanaí ar mhaithe le post míshocair, sealadach a bhí iomlán nua agus a chuir gliondar ar mo chroí, ba gheall le gealt mé sa chéad chúpla seachtain.
Idir aithne a chur ar dhaoine nua, cúrsaí nua a dhearadh agus a theagasc, tírdhreach oibre nua a láimhseáil agus, mar a tharla, bogadh ó fhoirgneamh amháin go foirgneamh eile le linn na tréimhse, bhraitheas nach dtiocfainn ar thalamh slán ariamh.
Thug mé cuairt ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann thar an deireadh seachtaine le bailiúchán de phortráidí Lucian Freud a fheiceáil den chéad uair.
Ba iad na portráidí leathchríochnaithe, na coirp leathdhaite, tréigthe ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm.
Bhí cuid eile ann nár thuigeas agus nár bhain mé aon ní astu, seachas tallann Freud féiniúlacht na ndaoine a aimsiú agus a bhreacadh síos ar phár.
Ag treabhadh trí thruflais an idirlín dom, tháinig mé ar phodchraoladh a mhúscail an splanc chéanna a bhí múchta ionam an athuair.
Spreag caint, ceisteanna agus cur agus cúiteamh Blindboy Boatclub ó na Rubberbandits mé le machnamh a dhéanamh ar luach na healaíne pobalghníomhaí (socially engaged art).
Cad chuige ealaín? Cad is fiú í? Níl sí riachtanach don chine daonna.
Ní thabharfaidh sí slán muid ó thaisme domhanda.
Fiú in uireasa a leithéid de thaisme, mhairfimis gan í gan aon stró.
Ní gach duine a bhaineann tairbhe as ealaín ársa, ghrafach, dhigiteach, suiteála, idirghníomhach ná as func-ealaín, fiú.
Admhaím nach bhfuil tuiscint chuimsitheach agam ar chúrsaí ealaíne beag ná mór, ach nuair a labhair Blindboy ar fhréamhacha na healaíne pobalghníomhaí, gluaiseacht an Dadachais agus ar an ealaíontóir Marcel Duchamp, a chuir leithreas i ndánlann mar fhreagairt ar an gCéad Chogadh Domhanda, bhí mé faoi dhraíocht ag an bhfear a chlúdaíonn a aghaidh le mála plaisteach, a chaitheann culaith spóirt agus a chum gluaiseacht dá chuid féin ar a dtugtar ‘gascuntism’.
Cé go raibh cloiste agam faoi na coincheapa seo, shleamhnaigh siad uaim.
Cuimhním siar ar an taithí a bhí agam leis an gcritic ealaíne agus aithním gur i leabhair nó ó chriticeoirí aitheanta atá ag saothrú sa ghort a chuala mé formhór na cainte.
Ba choincheapa teibí iad go dtí gur luadh macasamhail saothar Maser agus tionscnamh Ana Cosgrave le haird a tharraingt ar an ochtú leasú a aisghairm ó Bhunreacht na hÉireann, go dtí gur luadh saothar Joe Caslin a léirigh beirt fhear le chéile le tacú leis an reifreann ar chomhionannas pósta.
Ba phíosaí iad sin a tharraing raic, dioscúrsa agus an iliomad tuairimí, ag fíorú fís na n-ealaíontóirí go bpléifí an ealaín mar chuid d’éabhlóid na tíre.
Admhaím nach mbeidh mé ariamh ag scríobh léirmheasanna ar bhailiúcháin ealaíne in aon nuachtán, ach aithním gurb í an ealaín atá frámaithe le fearg agus le deora an bhróin, a bhaineann siar asainn agus a cheistíonn gach ní atá ar eolas againn, aithním gurb í sin an ealaín is ansa liomsa.