Tá gach ticéad campála d’Fhéile na Gealaí díolta agus gan ar fáil anois ach ticéid lae. Bhí lucht eagraithe na féile Gaeltachta ag fógairt le cúpla lá anuas go raibh na ticéid champála á ndíol go sciobtha agus fógraíodh ar deireadh inné nach bhfuil ceann ar bith eile le fáil.
Tá deis go fóill ag léitheoirí NÓS dhá thicéad campála a bhuachan, áfach, agus sonraí an chomórtais sin ar fáil anseo.
Beidh pasanna deireadh seachtaine do dhaoine a bheidh ag freastal ar an bhféile ach nach mbeidh ag campáil ar an láthair ar fáil ag an ngeata i Ráth Chairn. Tá na ticéid lae fós ar díol ar leathanach Eventbrite na féile ar chostas €35. Is féidir na ticéid seo a úsáid Dé hAoine nó Dé Sathairn agus beidh bandaí éagsúla ann don dá lá. Ar ndóigh, ní ligfear duine a bhfuil ticéad lae aige isteach go dtí an láthair champála.
Ar fáil go fóill ar an suíomh freisin tá ticéid don bhus ó Bhaile Átha Cliath (€25) agus ó Bhéal Feirste (€23). Is turas fillte atá i gceist leis an dá bhus, bus Bhaile Átha Cliath ag fágáil Uimhir 6 Sráid Fhearchair ag 14.30, agus bus Bhéal Feirste ag fágáil Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ag 13.00 Dé hAoine agus an dá bhus ag fágáil Ráth Chairn ag 14.00 Dé Domhnaigh.
Tá liosta le háireamh de cheoltóirí Gaelacha le bheith ag an bhféile cheoil Ghaeltachta an samhradh seo agus súil ag lucht a heagraithe na céadta Gael a mhealladh go machairí méithe na Mí. Ar na ceoltóirí a bheidh ann beidh Emma Ní Fhíoruisce, JJ Ó Dochartaigh, Dó Fá Dó, Scannal, Niteworks, Polca 4, An Crann Óg, Abhainn Bheara, Las, Smugairle Róin agus tuilleadh nach iad.
Tá dhá imeacht beartaithe ag an ngrúpa Liúnatics don fhéile, ‘Teic-Nós’, seit DJ agus cluichí tráthnóna Dé hAoine agus an ‘Ravechúrsa’, nó rave maidine i bpuball na féile maidin Dé Sathairn. Is iad Ailbhe Ní Riain ó Raidió na Life agus Cairbre Ó Cairealláin as Béal Feirste a bheidh i mbun na n-imeachtaí sin.
Beidh an grúpa filíochta REIC ag an bhféile arís i mbliana agus beidh trí stáisiún raidió, Raidió na Life ó Bhaile Átha Cliath, Raidió Fáilte ó Bhéal Feirste, agus Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón láthair. Beidh Pod don Eolach, podchraoladh NÓS á thaifeadadh beo ag Féile na Gealaí freisin.
Beidh Oireachtas na Gaeilge ag reáchtáil imeacht ag an bhféile agus taispeántas le tabhairt ag iarbhuaiteoirí chomórtais an Oireachtais chomh maith le ceardlanna sa damhsa ar an sean-nós. Beidh imeachtaí ann do theaghlaigh freisin á n-eagrú ag Glór na nGael agus an fear grinn Giggles agus ‘Síog Scéalaíochta’ ar an láthair le siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí.
Anuas ar an gceol, beidh imeachtaí siamsaíochta agus spraoi ann do dhaoine fásta freisin agus ‘cluichí páirce’ beartaithe ag lucht na féile. Beidh bungee run agus troid piliúr ann Dé Sathairn chomh maith le comórtas cúl sacair agus ceardlann ar an damhsa boilg.
Tá “forbairtí móra” déanta ag lucht a heagraithe ar láthair na féile ó bhí anuraidh agus arú anuraidh ann agus súil acu “cuma níos fearr” a chur ar an áit ná mar a bhí riamh. Beidh stáitse mór ann agus pubaill bhreise i mbliana, chomh maith le seastáin bhia agus Boogie Bus, bus mór a bhíonn ag díol deochanna teo agus ag casadh ceoil.
Beidh bannaí ceoil ag teacht ó Albain agus tá iarrachtaí ar bun ag Féile na Gealaí caidreamh idir-Ghaelach a shocrú agus muintir na hAlban a mhealladh go Gaeltacht na Mí. Tá lascainí ar fáil faoi láthair do mhuintir na hAlban atá ag iarraidh freastal ar Fhéile na Gealaí i mbliana.