Táimse go breá. Níl aon chúis ghearáin agam. Ag obair liom, mar is gnáth, ó mhí an Mhárta agus gan aon mhór-athrú tagtha ar an saol. Amuigh faoi aer úr Chorca Dhuibhne agus daoine clipthe cráite ag na pictiúir a chuirim ar na meáin shóisialta. Daoine eile i gcathracha, agus gaolta i gcéin, fíorbhuíoch as radharc ar Dhúthaigh Duibhneach a fháil fad is atá na srianta os ár gcionn.
Gan dabht, bím thuas seal thíos seal ar nós na haon mhac máthar eile. Éinne a deir a mhalairt, ba dheas liom cloisteáil uathu! Cuireann rudaí beaga deoir i m’shúil. An Chéadaoin seo caite, agus mé sa gym, bhíos ag baint ana-thaitneamh as ach nuair a chonac fear a bhí amach sna blianta ag baint úsáide as an meaisín reatha chun blúire siúil a dhéanamh, bhraitheas an deoir ag teacht agus an tocht i mo scornach.
An fear bocht, arsa mise liom féin, seans maith gurb é seo an t-aon áit a bhuaileann an fear san le héinne eile, agus anois, tá san bainte do ar feadh sé seachtaine, agus gan faic in aon chor déanta as an tslí aige, is dócha, go mbeadh san tuillte aige.
Bhris mo chroí do. Theastaigh uaim dul agus labhairt leis, ach níl trua á lorg ag éinne, a cheapas. Ina theannta san, táimid ar fad fachta ana-amhrasach ar a chéile, agus dá bhrí san, eagla ormsa labhairt le duine, agus ar dhuine teacht chomh fada liom, AR EAGLA NA hEAGLA go bhfuil an víreas orm nó orthu. Dúirt an Taoiseach linn, ná dúirt, ár saol a chaitheamh ar nós go bhfuil an galar orainn.
Cén sórt saoil é sin? Is fearr gan dul ródhomhain sa scéal san. Fillfidh an gnáthshaol a bheag nó a mhór is dócha, ach san ráite, mar a dúirt eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, ina cholún féin fén dianghlasáil, níor cheap sé siúd i mí Márta go mbeimis fé ghlas arís eile ag deireadh na bliana seo.
An cheist is mó atá agamsa ná an mbeidh Oireachtas 2021 ar siúl? Níor bhraitheas aon ní, aon duine, ná aon ócáid uaim fós, ach an tOireachtas.
Má bhíonn sé ar siúl i gCill Airne an bhliain seo chugainn, beidh daoine imithe le haer an tsaoil ar fad. Idir an dá linn, má tá uaigneas Neilí an Fuacht oraibh, beidh Neilí agus Polca 4 ar an gclár Bladhaire an tseachtain seo chugainn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus smúit á bhaint as urlár an stiúideo acu, ar mhaithe le sásamh a thabhairt dos na Gaeil in am seo an dorchadais.
Tiocfam slán, a chairde. Agus ná dearúd, tá lánchead againn lá maith is drochlá a bheith againn. Bímis deas linn féin.
Mar a deir ‘An Seanduine’, “is cúpla Domhnach, a chuirfeadh fén bhfód tú”. Síos fén bhfód leat, a dhiabhail víris!