SRAITH LÉAMHA: ‘Sliocht – An Gearrscéal Beo Beathach’ / Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, ag 7in.
Baileoidh mórscríbhneoirí na Gaeilge le chéile chun a saothair a léamh, mar chuid de shraith léamha próis agus ficsin atá á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht an mhí seo.
Triúr scríbhneoirí a ghlacfaidh páirt i ngach léamh agus beidh deis ag an phobal ceisteanna a chur ar na scríbhneoirí faoi na leabhair ina dhiaidh.
Réaltán Ní Leannáin, Deirdre Ní Ghrianna agus Fionntán De Brún a bheas i dteannta Mhícheál Uí Chonghaile ó Chló Iar-Chonnacht anocht.
Cuirfear críoch leis an tsraith ar 28 Samhain i nGael Taca, Cathair Chorcaí, nuair a thiocfas Mícheál Ó Ruairc, Colm Ó Ceallacháin agus Pádraig Mac Fhearghusa le chéile.
CEARDLANN: ‘Lá Tubsmaointeoireachta’ / Thinkhouse, Fumbally Lane, Baile Átha Cliath 8, Dé Sathairn 21 Samhain 10rn – 4in
Tá fearadh na fáilte roimh Ghaeil idir 16-30 bliain d’aois páirt a ghlacadh i gceardlann lae san ardchathair amárach, ina roinnfear saineolas faoi na bealaí gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is é sprioc na ceardlainne ná spás a chothú a tharraingeoidh Gaeil óga le chéile le daoine a bhfuil taithí acu i réimsí éagsúla de shaol na teanga agus plé a dhéanamh le saineolaithe Thinkhouse.
Páirteach sa lá tubsmaointeoireachta, beidh Eoin P. Ó Múrchú (scríbhneoir NÓS, duine de bhunaitheoirí GaelGÁIRÍ agus ball de na Gaeil Óga), Ciarán Mac Fhearghasa (Bunaitheoir Óga Yoga) agus Edel Ní Bhraonáin (Aontas na Mac Léinn).
I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil tá ‘Cruthú Smaointe’, ‘Pleanáil Eagraíochta’, ‘Na Meáin Shóisialta’ agus ‘Cumarsáid agus ‘Brandáil’.
Tuilleadh eolais anseo.
Cuir scéal chuig daithi@thinkhouse.ie le háit a chinntiú roimh amárach.
TEACHT LE CHÉILE: Mórdhinnéar ‘Na Gaeil Óga’ / Óstán an Grand Canal, Sráid na Canálach Móire Uachtarach, BÁC, doirse ag 7:30, dinnéar ar 8:45 agus DJ 11in ar aghaidh.
Tá cúis cheiliúrtha ar leith agaibh bhur n-aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath amárach, áit a mbeidh Na Gaeil Óga ag teacht le chéile dá n-ócáid bhliantúil.
Cuirfear tús leis an oíche, a dhéanfaidh ceiliúradh ar chúig bliana den chlub i mbliana, le dinnéar blasta, searmanas bronnta gradam agus damhsa go maidin.
Is é réalta GaelGÁIRÍ agus imreoir de chuid ‘Na Gaeil Óga’ Andy Ó Faoláin agus Jill Nic Mhathúna, Cailín Gaelach an chlub, a bheidh mar fhear agus mar bhean an tí.
Beidh Colm Ó Cróinín, laoch iomána Bhaile Átha Cliath mar aoi speisialta na hoíche.
Tá fáilte roimh bhaill, idir shean agus nua.
Cuir scéal chuig cumannclg@gmail.com