GaelGÁIRÍ agus ceithre imeacht eile

Ceolchoirm na Nollag, Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Dé hAoine, 14 Nollaig @ 19:30

Beidh Ceoltóirí Chois Fharraige mar aon le ceoltóirí óga an cheantair agus Cór Óige Chois Fharraige ag soláthar na siamsaíochta i bhfoirm amhráin na Nollag anocht ag coirm a bheidh ar bun i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. Beidh taispeántas leanúnach amhránaíochta ar siúl acu, dóibh siúd a bheidh i láthair, agus an saothar bunaithe ar dhánta le beirt d’fhilí móra an iarthair, Joe Steve Ó Neachtain agus Máirtín Ó Direáin. Beidh ceol le Johnny Óg Connolly curtha leo. Níl costas ar na ticéid, ach más mian leat síntiús nó bronntanas beag a thabhairt ar an oíche, do Chumann Naomh Uinseann de Pól, beidh míle fáilte roimhe sin.

Cóisir Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé hAoine, 14 Nollaig @ 21:00

Tá ana-chuma ar an gCóisir Nollag a bheidh ar siúl i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain anocht! I measc na gceoltóirí a bheidh ag bailiú ar an láthair, beidh Muireann Nic Amhlaoibh agus a comrádaithe Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne, mar aon leis an mbanna Ériu agus an ceoltóir as Inis Mór, Pádraig Jack. Scoth an cheoil do shéasúr na gcóisireacha…. Bain súp as má bhíonn tú ó thuaidh.

Imeachtaí in Áras Chrónáin – 

Ciorcal Comhrá, Dé hAoine, 14 Nollaig @ 20:00

Pop Up Gaeltacht, Dé hAoine, 14 Nollaig @ 21:00

Beithlín Beo, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 15–16 Nollaig @ 13:00-17:00

Tá cúpla imeacht spéisiúil eagraithe in Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, sna laethanta romhainn. Anocht Dé hAoine, baileoidh lucht labhartha na teanga le chéile do Chiorcal Comhrá, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh is snas a chur uirthi! Ina dhiaidh sin, óna naoi ar aghaidh beidh Pop Up Gaeltacht ar bun ar an láthair. 

Ansin ar an Satharn agus Domhnach beidh Beithilín Beo le feiscint ann, le fíor-ainmhithe agus fíor-aisteoirí! Is óna haon go dtína cúig a bheidh a leithéid ar siúl agus mainséar na Nollag á athchruthú do phobal na háite, gach 45 nóiméad i rith an ama sin. Nach deas? 

GaelGáirí, Club Chonradh na Gaeilge, Dé Sathairn, 15 Nollaig @ 22:00

Beidh na jócanna le clos go tréan i gClub Chonradh na Gaeilge amárach mar go mbeidh Seó Grinn na Nollag ar bun ann ó lucht GhaelGáirí. Ní hamháin sin, beidh crannchur acu, agus comórtas do na jócanna/agus na geansaithe is fearr! Hó Hó Hó, Há Há Há. Dála an scéil, ar chuala sibh an ceann faoin mbreoiteacht a thagann ort má itheann tú maisiúchán na Nollag?? TINSILITIS – GOA! *

Moxie – camchuairt bheag:

The Sound House, Cé Eden,  Dé Sathairn, 15 Nollaig @ 19.30

Dolans, Luimneach, Dé Domhnaigh, 16 Nollaig @ 20:00

Róisín Dubh, Gaillimh, Déardaoin, 27 Nollaig @ 21:00

Is breá liom ceol an bhanna Moxie…. agus más amhlaidh gur maith leatsa iad chomh maith – bí ar an eolas go bhfuil camchuairt bheag ar bun acu i láthair na huaire. Is in ionad an cheoil, The Soundhouse ar Ché Eden a bheidh siad Dé Sathairn, sara dtabharfaidh siad aghaidh ar Luimneach, chuig Dolans ar an 16ú lá. Sa Ghaillimh a bheidh siad idir dhá Nollaig ar an 27ú lá sa Róisín Dubh. Beidh siad ag tabhairt faoi Ghlaschú ag tús na bliana mar a mbeidh Celtic Connections ar bun ann agus iad ar ord na féile sin chomh maith! Ádh mór leo. 

SCÉALTA EILE