• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Dearadh
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Collaíocht
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

J.J Ó Dochartaigh

19ú Meitheamh 2017

Cultúr#FnaG2017

Grianghraif: J.J Ó Dochartaigh, Máiread Nic Géidigh

    Our Sponsors
      Our Sponsors

      GAILEARAÍ: Imithe le Gealaigh
      Ardfhéile i Ráth Chairn na Mí!


      Bhailigh Gaeil ó gach cearn den tír le chéile ag Féile na Gealaí ag an deireadh seachtaine.

      Agus cloigeann trom na cóisireachta air go fóill, insíonn JJ Ó Dochartaigh, a bhí i lár an cheoil agus na craice ar fad ón Aoine, cén fáth a bhfuil sé ag súil le féile na bliana seo chugainn cheana féin. 


      Tá blaiseadh de na flaithis faighte agam agus is ag Féile na Gealaí a fuair mé é ag an deireadh seachtaine.

      Chruinnigh slua mór Gael le chéile i Ráth Chairn ag an deireadh seachtaine le ceiliúradh a dhéanamh ar an cheol Gaelach is fearr ar domhan agus le craic agus spraoi a bheith acu.

      Ar pháirc Chlann na nGael – foireann áitiúil Ráth Chairn – a bhí an láthair champála lonnaithe agus mar is gnáth chuir muintir na háite fáilte Uí Cheallaigh roimh gach duine.

      Mhaisigh siad geata mór adhmaid ar a raibh íomhá ollmhór den spéir agus den Ghealach péinteáilte ann.

      Caithfidh mé a rá go raibh tuirse an domhain orm ar an bhealach go Ráth Chairn.

      Ach a luaithe agus a shiúil mé fríd na ribíní daite draíochta a bhí ar crochadh ón doras tugadh ardú meanman agus fuinnimh dom.

      Tháinig miongháire ar m’aghaidh nár imigh an deireadh seachtaine ar fad.

      Bhí pócaí beaga de dhaoine i gciorcail fud fad na háite agus scoth na craice agus an cheoil ag teacht uathu.

      Gach duine ag cuidiú lena chéile na pubaill a chur in airde agus ag roinnt a gcuid bia agus deoch ar a chéile chomh maith.

      Agus nuair a thosaigh an ceol spreagúil ar an ardán, bhailigh gach duine le chéile faoin ghrian le cluas éisteachta agus coiscéimeanna damhsa a thabhairt do na ceoltóirí.

      Ansin, leis an oíche ag éirí mall chuaigh an slua uilig chuig an teach tábhairne áitiúil, An Brádán Feasa, áit a raibh ceol agus comhluadar Gaelach chomh maith le piontaí deasa fuara.

      Lean seo ar aghaidh go maidin (nó má tá gardaí á léamh – lean sé ar aghaidh go dtí a haon a chlog) agus ar ais chuig an láthair champála le tuilleadh craice agus eile a choinneáil ag dul.

      Dar le muintir na háite bíonn an aimsir mar sin i Ráth Chairn an t-am ar fad. Beidh orm teacht ar cuairt níos minice. @FeilenaGealai pic.twitter.com/RlV2kgv6Gl

      — Rónán Mi$téil (@misteil) 18 Meitheamh 2017

      Dé Sathairn agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch isteach leis an veain seo, agus bricfeasta galánta blasta á iompar ann.

      Tús maith leath na hoibre.

      Lean muid orainn le cainteanna bunaithe ar na dóigheanna is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga shóisialta, rud a bhí iontach spreagúil agus fiúntach.

      Ina dhiaidh sin bhí ióga againn a thug fuinneamh nua dúinn uilig, rud a bhí de dhíth i ndiaidh oíche mhór mhaith.

      Nuair a thosaigh an ceol arís bhí gach duine ar ais ar mhuin na muice agus a leithéid de chraic ní fhaca tú riamh.

      Idir daoine ina luí thart ar an fhéar ag canadh os ard a gcinn, daoine eile ag boc-léimní thart agus imreoirí ping-pong ar space hopper mór, bhí an lá linn.

      Cad é eile a bheadh de dhíth ort ach Féile na Gealaí uair sa bhliain?

      Tá gach rud a bheadh uait ag féile champála cheoil ag Féile na Gealaí – na daoine is fearr, an chraic is fearr, an ceol is fearr, áit fhoirfe agus spiorad ar leith nach dtiocfadh leat a cheannach ar ór ná ar airgead.

      Bhain Féile na Gealaí duais ag Gradaim NÓS d’Fhéile na Bliana i mí Eanáir.

      Beidh sé deacair an fhéile seo a shárú arís ar an bhliain seo chugainn… dorn san aer do na Gaeil!

      Mo chroí sibh a lucht eagraithe na féile agus a chairde Gael.

      Scéalta Eile

      ‘An Cailín Ciúin’ ainmnithe do Oscar

      ‘Ar ardán ceolmhar Dé go raibh Séamus Ó Beaglaoich’alt ómóis

      An ceoltóir aitheanta Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne

      Na leabhair is fearr a léigh mé in 2022

      Bailiúcháin agus Albaim Atheisithe na Bliana 2022



      Nós

      Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

      Déan. Bris. Léigh.
      • Faoi NÓS
      • Físeáin NÓS
      • Gradaim NÓS 2021
      • Fógraíocht
      • Teagmháil
      • About NÓS
      Teagmháil

      Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
      216 Bóthar na bhFál
      Béal Feirste
      BT12 6AH
      eolas@nos.ie


      cc.white  2021 Rua Media