“Gan an Ghaeilge a fhoghlaim, is ionann sin agus an deis a chailliúint tuiscint a fháil ar shaol na hÉireann”

Cothrom an lae seo 10 mbliana ó shin fuair duine de mhórfhilí na hÉireann, Séamus Heaney, bás.

Rugadh agus tógadh Heaney i ndeisceart Chontae Dhoire in 1939 agus rinne sé staidéar in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, áit a raibh sé ina léachtóir le Béarla ina dhiaidh sin, sular thug sé faoin scríbhneoireacht lánaimseartha i dtús na 1970í.

Chuaigh a chuid filíochta liriciúla i bhfeidhm ar léitheoirí i gcóngar is i gcéin agus bronnadh Duais Nobel na Litríochta air in 1995, an ceathrú Éireannach leis an aitheantas mór a fháil.

Cé nár scríobh Heaney aon saothar i nGaeilge bhí meas aige ar an teanga agus rinne sé aistriúchán ar an dán Sean-Ghaeilge ‘Pangur Bán’, atá le cluinstin, á thionlacan ag an gcláirseach, ar an albam Songs of the Scribe leis an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin.

Thar aon ní eile, áfach, cuimhnítear ar an ráiteas spreagúil a rinne sé faoin teanga sna 1990í.

Mar chuid d’iarrachtaí a bhí ar bun chun tuilleadh daltaí a spreagadh leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar scoile ó thuaidh ag an am, d’iarr Gael Linn ar an bhfile a thuairim faoin teanga a chur ar pár.

Is mór an tionchar a bhí ag an méid a scríobh ó shin, agus is minic a úsáidtear an ráiteas chun tábhacht na Gaeilge a chur in iúl go soiléir fileata.

Bhain an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, leas as na focail fiú amháin nuair a d’éirigh sé as a ról in 2014 mar agóid i gcoinne phatuaire an Stáit i leith na Gaeilge.

Seo thíos an ráiteas ina iomlán:

Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that a knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.

Fuair Séamus Heaney bás an 30 Lúnasa 2013 i mBaile Átha Cliath, mar a raibh cónaí air le blianta, agus cuireadh é i mBaile Eachaidh, Contae Dhoire, a cheantar dúchais agus áit a bhfuil an t-ionad ealaíon agus litríochta HomePlace tiomnaithe dó.

SCÉALTA EILE