Kíla, National Stadium, Dé Sathairn 22 Nollaig @ 19:00
Tá an banna ceoil Kíla ar an bhfód le 30 bliain, creid é nó ná creid é! Bhí ceiliúradh á dhéanamh acu i mbliana ar an gcloch mhíle shuntasach seo agus beidh arís amárach i mBaile Átha Cliath nuair a thabharfaidh siad faoi ardán an National Stadium.
Tá glúin nua de cheoltóirí le bheith leo ar an oíche, cuirim i gcás an banna Maca, na deirfiúracha Charthaigh ó Loch Garman, atá ag filleadh ó Florida go speisialta don gcoirm. Tá an triúr, Saoirse, Naoise agus Ciara tar éis a bheith i mbun ceoil i dtigh tábhairne na nÉireannach, Raglan Road, ann le tamall de mhíonna. Bhuadar an comórtas tallainne Réalta agus Gaolta ar TG4 níos luaithe i mbliana agus ba é an duais a fuaireadar ná bheith ar aon ardán le Muintir Shnodaigh agus baill eile ceolmhara an bhanna.
Beidh na sluaite ag súil chomh maith le geabairí an tuaiscirt, triúr an bhanna Kneecap, a bheidh le feiscint chomh maith Dé Sathairn, mar aon le haíonna speisialta, gealltar dom. Bí ann gan teip…. agus cuimhnigh, ní glactar le haon chárta ar an láthair, tugaigí libh na Euros
Balor na Súile Nimhneach, Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé Sathairn 22 Nollaig @ 20:00
Balor na Súile Nimhneach is teideal do gheamaireacht na Nollag atá á léiriú faoi láthair in Amharclann Ghaoth Dobhair. Is é Eoghan Mac Giolla Bhríghde a scríobh an leagan seo, atá feicthe ag scata le seachtain anuas, óir gur raibh sé ar siúl le 5 oíche, agus i rith an lae do matinée amháin chomh maith.
Leigheasfaidh gáire achan fhadhb atá agat. Geamaireacht -Balor na súile Nimhneach/naw, Déard 20ú, Aoine 21ú & Sath 22ú 8i.n. €15/10. Tic @Amharclann_GD . @paulmc1310 @AineEibhlin @AineRnaG @RTERnaG pic.twitter.com/dR7K9WxbVM
— An Chrannóg (@anchrannog) 17 Nollaig 2018
Ní raibh a leithéid de dhráma ar bun sa cheantar le tuairim is 45 bliain. Seans maith go n-aithneofar cuid den gcliar óna gcuid róil ar an sobal dhráma Ros na Rún agus fiú CU Burn, mar shampla Niall Mac Eachmharcaigh agus Aodh Óg Ó Duibheannaigh. Páirteach chomh maith tá an BAE í féin Áine Ní Bhreisleáin, i bpáirt an scéalaí, maraon le Clíona Ní Ghallchóir, ceoltóirí ón gCrann Óg agus rinceoirí áitiúla. Beidh an gheamaireacht le feiscint don uair dheireanach, Dé Sathairn óna hocht a chlog.
Lá an Dreoilín, Corca Dhuibhne, 26 Nollaig
Is breá an radharc é lucht Chorca Dhuibhne a fheiscint gléasta go hoiriúnach do Lá an Dreoilín na haon bhliain. Cuid acu a bhí éirithe ó moch maidine le himeacht amach ag seinnt ceoil ag breacadh an lae, le feistis tuí orthu; cuid eile ansin a chaitheann aghaidheanna fidil chun iad féin a chur i bhfolach agus iad ag bailiú airgid ar son eagrais éagsúla. Cuma cá mbeidh tú sa Daingean, nó fiú siar ón nDaingean tá gach seans ann go gcífidh tú, nó go gcloisfidh tú go deimhin, ag teacht iad! Bíonn ana-chleachtadh sa cheantar agus sna tithe tábhairne. Má bhíonn sibh ó dheas, bainfidh sibh lán na súl as!
Pop Up Gaeltacht, Piper’s Corner, BÁC, Déardaoin 27 Nollaig @ 20:00
Bíonn an tréimhse idir dhá Nollaig ait a dhóthain. Bíonn na bronntanais oscailte, cuid mhaith bídh ite, agus is minic daoine díomhaoin. Más amhlaidh a bheidh leat féin agus tú san Ardchathair, bí ar an eolas go mbeidh Pop Up Gaeltacht ar bun i gceann de na tithe tábhairne is ansa liom i mBaile Átha Cliath. Sea, baileoidh lucht labhartha na Gaeilge le chéile an Déardaoin deireanach den bhliain sa Piper’s Corner ar Shráid Mhaoilbhríde le bheith ag labhairt na Gaeilge lena chéile. Leithscéal maith chun an tigh a fhágaint!