‘Gearradh suntasach’ ar imeachtaí Ghaillimh 2020 mar gheall ar Covid-19

D’fhógair lucht stiúrtha Ghaillimh 2020 aréir go mbeidh “gá le gearradh suntasach” ar chlár na n-imeachtaí a bhí beartaithe don bhliain amach romhainn. Roghnaíodh Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa don bhliain 2020 agus bhí clár leathan imeachtaí beartaithe ag lucht stiúrtha na féile bliana. 

Drochthús a bhí i ndán don fhéile, áfach, agus an ócáid oscailte curtha ar ceal an mhí seo caite mar gheall ar na stoirmeacha móra a réab an tIarthar ag tús na míosa. Níos túisce an mhí seo, fógraíodh go leor imeachtaí a bheith ar ceal de bharr scaipeadh an víris chorónaigh san Eoraip. 

Aréir, reáchtáil bord na féile cruinniú le tionchar an víris chorónaigh ar “an gcaoi a [mbeifear] in ann gluaiseacht chun cinn” le ceiliúradh Ghaillimh 2020. 

“Mar gheall ar na dúshláin neamhghnácha atá romhainn agus an amlíne nach féidir a thuar mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte poiblí seo, [rinneadh] an cinneadh go mbeadh gá le gearradh suntasach ar an gclár. Déanfar na cinntí go han-luath, beidh siad ag teacht le beartas an Rialtais, agus déanfar iad ar mhaithe le sláinte an phobail, ár bhfoirne, ár gcomhpháirtithe cultúrtha agus ár  n-oibrithe deonacha,” a dúradh i ráiteas a eisíodh aréir. 

Roinneadh clár imeachtaí Ghaillimh 2020 ina cheithre chuid — Imbolc, Bealtaine, Lúnasa agus Samhain. Cuireadh tús le ‘Imbolc’ an mhí seo caite, ach is beag imeacht a bhí beartaithe don tréimhse seo a reáchtáladh go dtí seo. Táthar ag súil go gcuirfear tús le himeachtaí ‘Bealtaine’ ag deireadh na míosa seo chugainn, ach tá amhras mór anois ann faoi chuid mhaith de na himeachtaí sin. 

SCÉALTA EILE