Gearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana fógartha ag Irish Book Awards

Tá an gearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana fógartha ag Irish Book Awards. Sé leabhar Gaeilge ar fad atá ar ghearrliosta na bliana seo, idir úrscéalta, fhilíocht agus bhailiúcháin ghearrscéalta:

Éadaoin – Diarmuid Johnson (Leabhar Breac)

Bealach na Spáinneach – Liam Mac Cóil (Leabhar Breac)

Cur i gCéill – Celia de Fréine (LeabhairComhar)

Cnámh – Eoghan Mac Giolla Bhríde (Éabhlóid)

Múscail, a Ghiorria – Eithne Ní Ghallchobhair (Arlen House)

An Diabhal Déanta – Joe Steve Ó Neachtain (Cló Iar-Chonnacht)

Tá údair eile le Gaeilge ainmnithe do rannóga eile Béarla i mbliana freisin — leithéidí Dhoireann Ní Ghríofa, atá ainmnithe faoi dhó dá leabhar A Ghost in the Throat do Leabhar Neamhfhicisin na Bliana agus Leabhar a Foilsíodh in Éirinn na Bliana; Manchán Magan atá sa rannóg chéanna dá leabhar Thirty-Two Words for Field; agus Dara Ó Briain atá ainmnithe do Leabhar Páistí na Bliana dá shaothar Is There Anybody Out There?

Is vóta poiblí atá i gceist leis na Irish Book Awards agus is féidir vóta a chaitheamh don leabhar Gaeilge is fearr leat chomh maith leis na leabhair eile atá ainmnithe sna rannóga eile anseo. Cuirfear gach duine a chaithfidh vóta isteach i gcrannchur do dhearbhán leabhar €100. Is féidir vóta a chaitheamh go dtí 16 Samhain. 

16 rannóg ar fad atá sna Irish Book Awards: Leabhar Gaeilge na Bliana, Gearrscéal na Bliana, Dán na Bliana, Leabhar Déagóirí na Bliana, Leabhar Páistí na Bliana (sinsear), Leabhar Páistí na Bliana (sóisear), Rogha Éisteoirí RTÉ Radio One, Leabhar Spóirt na Bliana, Leabhar Cócaireachta na Bliana, Ficsean Coiriúil na Bliana, Leabhar a Foilsíodh in Éirinn na Bliana, Nuíosach na Bliana. Leabhar Neamhfhiscin na Bliana, Leabhar Ficsin na Bliana, agus Úrscéal na Bliana. 

Bronnfar na gradaim go fíorúil ar an 25 Samhain agus craolfar an bronnadh ar RTÉ One ar an 10 Nollaig. Ní fhógrófar mórbhuaiteoir na ngradam go dtí an craoladh sin. 

“Bhí dúshlán nach raibh súil ag duine ar bith leis roimh earnáil na foilsitheoireachta i mbliana agus fágann sé sin go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh tacaíocht a thabhairt do leabhair Éireannach agus d’údair Éireannacha in 2020. Cuirfidh muid na gradaim chun cinn, in éineacht leis an bpríomhurraitheoir, chomh maith céanna le bliain ar bith eile agus feachtas againn a dearadh le plúr na scríbhneoireachta Éireannaí a léiriú,” a dúirt John Treacy, Cathaoirleach Irish Book Awards. 

SCÉALTA EILE