Gearrscannáin Ghaeilge le taispeáint ag Cogar amárach

Taispeánfar trí ghearrscannáin nua i nGaeilge ag Cogar, a beidh á reáchtáil mar chuid den fhéile Other Voices, tráthnóna amárach. Coimisiúnaíodh A Chonaire, SráidÉigse, agus Ponc go speisialta don “togra ealaíne ildánach as Gaeilge” a bheidh á chraoladh ar YouTube ar chainéal Other Voices ag 14.00. 

Físeán ceoil is ea A Chonaire atá déanta ag an gceoltóir aitheanta Muireann Nic Amhlaoibh agus a fear céile Billy McGlynn dá rian nua, atá bunaithe ar dhán Gaeilge óna meánaoiseanna sa scéal Togail Bruidne Da Derga. Beidh an rinceoir Rachel Poirier ón gcompántas damhsa Teach Damhsa san fhíseán chomh maith le Muireann féin a bheidh ag canadh ann. 

Is é file Lios Tuathail, Séamus Barra Ó Súilleabháin, a bheidh le feiceáil in SráidÉigse agus é ag reic a fhilíochta nua sa mhion-ghearrscannán seo. 

Tá leabhar filíochta agus rapanna á choimisiúnú ag Cogar i láthair na huaire i gcomhar leis an teach foilsitheoireachta Ponc Press sa Daingean. Tabharfar léargas ar phróiseas déanta an leabhair in Ponc, gearrscannán ina mbeidh na filí Ciara Ní É, Méabh Ní Bheaglaoich, Rónán Ó Snodaigh, agus Dairena Ní Chinnéide le feiceáil. Ar “shráideanna liatha Bhaile Átha Cliath” a taifeadadh míreanna Chiara Ní É agus Rónán Ó Snodaigh agus i “ngoirt dhonna bháite” Chorca Dhuibhne a rinneadh físeáin Mhéibhe Ní Bheaglaoich agus Dairena Ní Chinnéide. Saothar nuascríofa a bheidh á aithris ag an gceathrar. 

SCÉALTA EILE