Beidh Ciara Ní Éanacháin, Alan Titley, Mícheál Ó Ruairc agus scríbhneoirí eile ag teacht le chéile do thionscadal speisialta gearrthóg, ‘Víreas is ea Teanga’, atá á reáchtáil san ardchathair amárach mar chuid d’fhéile IMRAM.
Míníonn Ciara dúinn cad go díreach a bheas ar bun acu agus an smaointeoireacht atá mar bhunús leis.
Cad is gearrthóg ann?
Is ionann an gaol idir colláis (collage) agus na hamharc-ealaíona, agus an gaol idir an ghearrthóg agus an scríbhneoireacht.
Tá roinnt roghanna agus féidearthachtaí éagsúla ann, ach go bunúsach seo an modh oibre:
– tóg téacs
– gearr na habairtí ina gcodanna níos lú
– bog timpeall na codanna sin le téacs nua a chruthú.
Ní bheidh na torthaí rathúil i gcónaí, ach chuirfeadh sé iontas ar dhuine a mhinice a bhíonn siad.
Bíonn roinnt roghanna ann leis an teicníc seo.
Is féidir téacs amháin a úsáid nó roinnt téacsanna a mheascadh lena chéile; is féidir na habairtí a ghearradh suas ina nathanna nó ina bhfocail aonair; agus is féidir cloí go docht leis an ord ina athfhaigheann tú na focail, nó a bheith níos scaoilte leis.
Murab ionann agus an Béarla, le gearrthóga Gaeilge tarlaíonn sé go mbíonn gá le séimhiú/urú a bhaint, nó ginideach a chur i bhfeidhm le go mbeidh ciall cheart leis an téacs.
É sin nó neamhaird iomlán a dhéanamh ar an ngramadach!
I ndáiríre is cuma cén teanga lena bhfuil tú ag plé, dar liom féin is cabhair mhór é píosa eagarthóireachta a dhéanamh – focal a bhaint nó poncaíocht a chur leis – leis an bpíosa a chríochnú.
Maidir le stair na teicníce, aithnítear go raibh réamhtheachtaithe na gearrthóige le fáil sna 1920í: ‘To Make Dadaist Poem‘ (1920) agus ‘The Waste Land’ (1922), dán clúiteach de chuid T.S. Eliot.
Mar sin féin, deirtear gurbh é an scríbhneoir agus ealaíontóir Brion Gysin a chéadúsáid gearrthóga sna 1950í.
Is é Gysin a thaispeáin an teicníc don scríbhneoir beat William Burroughs, agus is é ainm Burroughs is mó a bhfuil baint aige le gearrthóga.
D’oibrigh Gysin agus Burroughs le chéile, agus chreid siad gurbh fhéidir ‘fíorbhrí’ an téacs a fhuascailt leis an teicníc agus léargas a thabhairt ar an todhchaí chomh maith.
Dúirt Burroughs, “When you cut into the present, the future leaks out.”
Sa bhliain 1977 foilsíodh leabhar a chruthaigh Burroughs agus Gysin le chéile, The Third Mind, ina raibh samplaí den fhoirm, mar aon le haistí fúithi.
Ach más amhlaidh nach bhfuil na leabhair sin léite againn, an mbeadh tusa nó mise tar éis gearrthóga a léamh cheana? Nó a chloisteáil?
Bheadh, is rídhócha.
Sna 1970í thosaigh David Bowie ag baint úsáide as gearrthóga le liricí a scríobh, agus lean sé leis an nós ina dhiaidh sin.
Dúirt sé gur spreag na gearrthóga smaointe nua ann.
Bhí an gearradh suas mar chuid de mhodh oibre Kurt Cobain chomh maith.
Go deimhin, tá glór Burroughs le cloisteáil ar ‘the “Priest” they called him’ agus ar roinnt amhrán eile.
Arsa Cobain, “My lyrics are total cut-up. I take lines from different poems that I’ve written. I build on a theme if I can, but sometimes I can’t even come up with an idea of what the song is about.”
Leis an albam Kid A (2000), theastaigh ó Radiohead bogadh i dtreo nua, anordúil.
Ó thaobh na bhfocal de, ghearr Thom Yorke liricí agus ansin phioc amach as hata go fánach iad, agus ó thaobh an cheoil de, úsáideadh sampláil ceoil (music sampling) agus fuaimeanna aimsithe (found sounds).
Amárach, an 12 Deireadh Fómhair, eagrófar tionscadal speisialta gearrthóg mar chuid d’fhéile IMRAM.
Comhthionscadal le REIC atá ann agus is mise a bheidh mar bhean an tí.
Léifidh na scríbhneoirí Mícheál Ó Ruairc agus Alan Titley (agus aíonna eile) gearrthóga atá cruthaithe acu ó shaothair éagsúla.
Cineál de cheardlann a bheidh san oíche chomh maith, agus beidh an lucht féachana páirteach inti.
Mura n-oireann sé duit teacht go dtí an ócáid féin, is féidir í a leanúint ar Twitter tríd an haischlib #gearrthóg agus do ghearrthóg féin a chur leis an sruth chomh maith!
D’fhéadfá rudaí a chur i gcló agus an próiseas a dhéanamh de láimh, sin nó an t-inneall seo a úsáid.
Beidh ‘Víreas is ea teanga‘ ar siúl in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, 19 Cearnóg Pharnell, Dé Céadaoin, 12 Deireadh Fómhair ag 6in. Saorchead isteach, fáilte roimh chách.