Gig Amháin & 3 Fhéile

siamsa-rnag


1. GIG SAN ARDCHATHAIR: Skippers Alley & Ye Vagabonds / An Sugar Club, Baile Átha Cliath 2, Dé Domhnaigh 4 Deireadh Fómhair, 8-11.30in skipper's alley

Fillfidh Skipper’s Alley ar an Sugar Club, i mBaile Átha Cliath, dá gcéad ghig sa mhórchathair le sé mhí anuas.

Seachtar ceoltóirí a dhéanann a gcuid féin den cheol traidisiúnta agus d’amhráin sean-nóis, a bhfuil aird idirnáisiúnta orthu tar éis gur bronnadh an duais cheoil Loic Raison orthu ag Féile Lorient cúpla bliain ó shin, duais a bronnadh ar a leithéidí Danú, Clannad, agus The Bothy Band roimhe.

Ar an ardán rompu beidh an díséad daoncheoil Ye Vagabonds, na deartháireacha Brian and Diarmuid Mac Gloinn.

Breathnaígí ar an bhfíseán nuafhoilsithe le Skipper’s Alley ag ceol ‘Buachaillín Deas Óg Mé’.


2. FÉILE: Féile Bhia Chorca Duibhne / Baile an Daingin, 2-5 Deireadh Fómhair 

REPRO FREE: 24-7-2012: 'Best In Market Award' Launched to Celebrate Small Artisans: Nicole Flynn from Castlegregory pictured with artisan Artie Clifford in Dingle, County Kerry on Tuesday at the launch of the 'Small Artisan Producers of the Year award which will be announced at the Blas na hEireann, National Irish Food Awards in October but the closing date for entry is July 27th. Called 'Best In Market', this Award will celebrate those local food heroes who sell at farmers' markets, often operating out of their own kitchens.This Award is also created to recognise the achievements of two former Supreme Champion winners, Una's Pies and Flynn's Kitchen, both regulars on the Cork farmer's market circuit, who have gone from strength to strength as a result of taking the top accolade at the Blas Awards. More information on www.irishfoodawards.com The deadline for entry to this year's competition is 27 July 2012. The final judging and presentation of these Awards will take place at the Dingle Peninsula Food Festival on the 4 -7 October 2012. Photo: Don MacMonagle

Más duine mór bia thú, b’fhiú aghaidh a thabhairt ar bhaile an Daingin an deireadh seachtaine seo, don naoú féile bídh agus dí!

I measc bhuaicphointí na féile, beidh deis ag cuairteoirí bia de gach saghas a bhlaiseadh ar Chosán na mBlaisínteachta agus páirt a ghlacadh i gceardlanna bia, blaiseadh fíona, taispeántais chócaireachta gan trácht ar na margaí bia áille agus imeachtaí siamsaíochta a bheas ar siúl ar fud an bhaile. Tuilleadh eolais anseo.


3. FÉILE: Féile an Fhómhair / Baile Cheatharlach, 1-8 Deireadh FómhairDavid-Mary-830x550

Tá tús curtha le mórfhéile an tséasúir san oirdheisceart agus réimse leathan d’imeachtaí dátheangacha ar siúl as seo go ceann seachtaine, chun ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona agus oidhreacht chultúrtha an cheantair.

Baileoidh idir óg agus aosta le chéile anocht agus iad i mbun steip ag ‘Céilí Mór an tSathairn’ in Ostán an Seven Oaks ag a 9in.

Dé Máirt 6 Márta, ag a 11rn, taispeánfar Amhrán na Mara, leagan Gaeilge den mhórscannán Song of the Sea agus oíche Dé Céadaoin, beidh aisteoirí Moonfish ag dul ar stáitse in Amharclann G.B Shaw le Réalt na Mara, lena ndráma a insíonn scéal an Ghorta Mhóir, bunaithe ar an úrscéal clúiteach Star of the Sea le Joseph O’Connor.

An méid seo agus níos mó anseo:


4. FÉILE: Féile Ealaíon Chathair na Mart/ar fud an bhaile, 30 Meán Fómhair – 5 Deireadh Fómhair 

Imeachtaí Príomh

Bígí i dteannta lucht Chathair na Mart agus iad ag ceiliúradh an 40ú Féile Ealaíon sa mbaile an deireadh seachtaine seo.

Ar chuid de na himeachtaí a tharraing m’aird, cuirfidh Gearóid Ó Dubháin ceardlann damhsa ar an sean-stíl i láthair amárach, óna 10-1 in Amharclann Chathair na Mart, feiliúnach d’óg agus d’aosta ar aon.

Bígí ag súil le scéal iontach le hinsint ag muintir Uí Dhubháin, scéal a nascann na céimeanna ar an sean-nós atá ag glúin na linne seo siar na glúinte chomh fada siar lena sin-seanathair, damhsóir aitheanta sna 1840idí.

Am lóin Dé Sathairn, beidh bancheoltóirí Mhaigh Eo, Julie Langan (fidil), Emer Mayock (féadóg mhór) agus Laoise Kelly (cruit) ag teacht le chéile ag ceolchoirm ‘Mná Mhaigh Eo go Deo’ ag am lóin, san Óstán an WYATT.

Ar deireadh Dé Domhnaigh, ag a 4in, beidh ‘The Boy Explorer’, de chuid MACNAS, ag siúl na sráideanna!

Tuilleadh eolais anseo.

 

SCÉALTA EILE