Inniu Nollaig na mBan — Nollaig Bheag, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag nó an Eipeafáine más maith leat. Cheiliúrtaí Nollaig na mBan i gcúige Mumhan go príomha agus tá an traidisiún go láidir ann go fóill. Le tamall de bhlianta anuas, áfach, tá an fhéile á scaipeadh ar fud na hÉireann agus mná ó cheann ceann na tíre ag teacht le chéile lena Nollaig bheag féin a cheiliúradh.
Bliain i ndiaidh bliana feicim go leor daoine ar na meáin shóisialta ag maíomh nár cheiliúrtaí Nollaig na mBan ina gceantar dúchais féin leathchéad bliain ó shin, agus mar sin nach mbaineann an fhéile leo-san agus gur ‘bréagfhéile’ atá ann do go leor Éireannach.
Tá daoine eile ann a mhaíonn nár chóir Nollaig na mBan a cheiliúradh ar chor ar bith mar go mbaineann sí leis an bpatrarcacht agus, ainneoin an ainm, gur féile frith-bhan atá inti dáiríre.
Is bocht an scéal é, mar is annamh a thagann rud mar Nollaig na mBan chun cinn ón bpobal aníos — seo chugainn féíle dhúchais a bhfuil seilbh glactha ag mná tíre uirthi agus atá á húsáid sa lá atá inniu ann le ceiliúradh a dhéanamh ar mhná na hÉireann agus ceisteanna ban a thabhairt chun cinn.
Cúpla bliain ó shin, bhí #NollaignamBan i mbéal an phobail ar Twitter, éacht ann féin do fhrása Gaeilge. Is annamh a bhíonn focal Gaeilge ar liosta na dtéarmaí i mó i mbéal an phobail an meán sóisialta sin, agus is mar gheall ar chúrsaí aimsire a thagann siad chun cinn den chuid is mó.
Tá imeachtaí á n-eagrú ar fud na hÉireann anocht, idir phainéil chainte, chóisireacha, imeachtaí siamsaíochta agus ócáidí acadúla a chuirfidh mná i lár an aonaigh agus a thabharfaidh ardán dóibh na rudaí is fearr leo fúthu féin a cheiliúradh nó na ceisteanna is mó a chiapann iad a phlé os comhair an phobail. Níl cothromas bainte amach ag na mná in Éirinn go fóillín, ná baol air, agus is maith ann aon deis atá ar fáil a bhrúfar ar aghaidh muid ar an mbóthar fada sin.
Nach cuma murar chuala do mhamó faoi Nollaig na mBan nó más é Lá Chinn an Dá Lá Dhéag a cheiliúraigh do mháthair ar feadh na mblianta? Níl cosc orainn an dá choinneal déag a lasadh agus freastal ar imeacht de chuid Nollaig na mBan ag an am céanna. Mura nglacfadh muid le traidisiúin ó áiteanna eile, ní bheadh aon chaint againn ar an Nollaig féin.
Ar ndóigh, is fear mé agus ní fúmsa atá sé a rá le mná na tíre an 6 Eanáir a cheiliúradh, ach feictear dom gur beag céille atá ag an duine a chroch tannenbaum na Gearmáine cúpla seachtain ó shin, agus a cháinfeadh Nollaig na mBan toisc gur aneas as Corcaigh a tháinig sí.