Grá agus Eagla: The Love and Fear of speaking a new language, Leabharlann Thamhlachta, BÁC, Dé Sathairn 2 Márta @ 14:15
Ní rófhada ó shin go rabhas ag trácht ar fhéile faoi leith, MotherTongues, a bhí ar siúl sa Ghaillimh. D’éirigh go breá leis na hócáidí sin agus beidh an fhéile ag teacht anoir anois, go Baile Átha Cliath, le sraith eile imeachtaí!
Ina measc, taispeánfar clár faisnéise, dar teideal Grá agus Eagla: The Love and Fear of speaking a new language Dé Domhnaigh i Leabharlann Thamhlachta. Baineann an clár leis an ngrá, agus an t-eagla chomh maith, a bhíonn ar mhuintir na tíre roimh a dteanga féin. Lean criú an chláir an fuirseoir Áine Gallagher agus í ag ullmhú dá seó dátheangach ag Féile Imill Dhún Éideann. Bíonn sí féin ag labhairt faoina constaicí leith na teanga sa saothar macánta seo. Tar éis an taispeántais beidh plé ar bun le painéal ar a mbeidh cuid de lucht déanta an scannáin. Saor chead isteach!
Ceolchoirm Mhór Éigse an Spidéil, Seanscoil Sailearna, Dé Sathairn 2 Márta @ 20:00
Is é ceoltóir óg na bliana de chuig TG4 a bheidh le feiscint ar stáitse sa Spidéal sa chéad leath den Éigse. Sin é an boscadóir Conor Connolly ó Dhroichead an Chláirín, a thug leis ceann de Ghradaim Cheoil an stáisiúin cúpla seachtain ó shin ag ócáid i mBéal Feirste. Beidh Pádraig Ó Dubhghaill, an giotáraí, á thionlacan.
Sa dara cuid den seó ceolmhar seo, beidh ciogal amhráin dar teideal Fad Saoil á léiriú. Dánta le Joe Steve Ó Neachtain atá i gceist, agus ceol curtha ag an gcumadóir agus ceoltóir Johnny Óg Connolly leo. Ní hamháin sin, ach beidh Cór Óige Chois Fharraige á gcanadh, in éineacht leis an amhránaí Bríd Treasa Ní Ghaoithín agus le tionlacan ó Johnny, Pádraig Ó Dubhghaill agus Luisne Ní Neachtain. Is í Aisling Ní Neachtain stiúrthóir an chóir.
Altan, INEC Cill Áirne, Dé Sathairn 2 Márta @ 21:00, (le haíonna éagsúla)
Más sa Ríocht a bheidh sibh ag an deireadh seachtaine, is fiú a bheith ar an eolas faoi choirm Altan san INEC i gCill Airne. Ní leo féin a bheidh siad ach i gcomhluadar An Sliabh Luachra Band, le Paudie O’Connor, Niamh Ní Charra agus a thuilleadh nach iad. Is mar chuid den bhféile The Gathering atá a leithéid ag tarlú, féile thraidisiúnta cheoil a bhíonn ar siúl sa cheantar. An 20ú bliain don ócáid a bheith ar siúl!
Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, 4-7 Márta, amanna agus ionaid éagsúla
Tá scata imeachtaí beartaithe do Sheachtain na Gaeilge ag grúpaí éagsúla fud fad na tíre agus timpeall an domhain mhóir sna laethanta romhainn. Ina measc, déanfar taifead beo den bpodchraoladh Motherfoclóir, (eagraithe ag Cuallacht na Gaeilge, Má Nuad agus Aontas na Mac Léinn san Ollscoil).
Tá oíche filíochta le Ciara Ní É pleanáilte chomh maith ag a mbeidh seisiún ‘maidhc oscailte’ mar chuid de. Tá réimse mór imeachtaí liostáilte ag an dream céanna ar a leathanach Facebook agus mholfainn go mór daoibh súil a chaitheamh air! Ceardlann sean-nóis le Sailí Ní Dhroighneáin agus caint ó Bhláthnaid Ní Chofaigh ar an ábhar Mise agus an Ghaeilge, i measc eile!
Speed Chairdeas, Club Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine 8 Márta @ 20:30
Cuimhnigh ar scóráil sciobhta – speed dating! Ní bhíonn agat ach cúpla nóiméad chun aithne a chur ar dhuine, agus is fútsa ansin atá sé a thabhairt le fios an bhfuil nó nach bhfuil spéis agat iontu, agus acu ionat!
Tarlóidh a leithéid d’ócáid i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo chugainn, 8 Márta, ach le casadh beag sa scéal! Ní ar thóir an ghrá a bheidh na daoine a bheidh páirteach ann, ach ar mhaithe le cairdeas a chruthú a bheidh siad. Speed Chairdeas atá baiste mar theideal air, agus beidh tuairim is 10/15 nóiméad ag gach duine chun aithne a chur ar an nduine os a gcomhair amach! Fáilte mhór roimh gach duine, foghlaimeoirí Gaeilge ina measc, a deir lucht a eagraithe.