LITRÍOCHT: Cúirt, Féile Idirnáisiúnta Litríochta, Gaillimh.
Más san iarthar a bheidh tú an deireadh seachtaine seo, bí ar an eolas go bhfuil an fhéile idirnáisiúnta litríochta Cúirt ar siúl sa chathair faoi láthair. Mairfidh sé go dtí an Luan.
I mbliana tá an fhéile ag díriú ar ábhair faoi leith: grá, caillteanas, uaigneas, cuspóirí, fiosracht agus ar údair atá ag scríobh faoi na teidil sin le fada an lá!
Amárach ag am lóin, 24ú Aibreán, a bheidh na filí Louis de Paor agus Nuala Ní Dhomhnaill ar stáitse na Taibhdheirce, ag reic a gcuid filíochta.
Beidh an scríbhneoir Joseph O’ Neill, (a bhfuil an-rath ar a shaothar – agus a bhí ainmnithe cúpla babhta ar fhadliosta do ghradam Man Booker),faoi agallamh go poiblí ag an gcraoltóir agus iriseoir Edel Coffey.
Níl ansin ach trí ócáid – tá i bhfad Éireann níos mó beartaithe, agus mholfainn daoibh clár na féile a íoslódáil, atá le fáil ar an suíomh acu.
http://www.cuirt.ie/en