Gradaim Cheoil NÓS agus ceithre imeacht eile

Gradaim Cheoil NÓS, The Sugar Club, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 11 Eanáir @ 20:00

Tá an t-am tagtha… agus roimh dheireadh na hoíche anocht beidh a fhios againn cé hiad buaiteoirí Ghradaim Cheoil NÓS 2019! Ocht gcatagóir ar fad atá ar ghearrliosta na hócáide seo a thugann aitheantas dóibh siúd atá ag saothrú i ngort an cheoil Gaeilge! Beidh cuid de na hiomaitheoirí ag léiriú a gcumas, mar go mbeidh siad ar ardán i gcaitheamh na hoíche. Sin iad, Emma Ní Fhíoruisce, Tadhg Ó Grifín agus a bhanna Geal, Cárthach Mac Craith agus Síomha. Beidh an DJ Ben Ó Faoláin ag roghnú an cheoil i ndeireadh na hoíche tar éis do na duaiseanna ar fad a bheith bronnta. Dála an scéil murar féidir libh a bheith i láthair, is féidir libh éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craolfar an t-aicsean ar fad beo… óna hocht.

Na Conifers:

The Skylite Room, An Pointe, Co. an Dúin, Dé hAoine 11 Eanáir @ 20:00;

The Cobblestone, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 12 Eanáir @ 21:00

Tá grúpa nua ag teacht chun cinn go gcloisfimid go leor fúthu i 2019, i mo thuairim. Sin iad Na Conifers. Tá seans maith ann gur chuala sibh cheana iad ar chlár Rónáin Mhic Aodha Bhuí ón Oireachtas nó ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair a bhí ar bun le déanaí. Go deimhin tá albam nua díreach seolta acu!

Tá ainm in airde ag na baill ar fad as a stuaim féin – sin iad Cathal Ó Curráin, Bryan O’Leary, Felix Morgenstern, Conor O’Loughlin agus Marty Barry. Déanann siad a ndícheall a gcuid ceoil a choimeád fréamhaithe i dtraidisiúin cheoil Shliabh Luachra, an Chláir agus Dhún na nGall.

Beidh siad le feiscint timpeall na tíre an mhí seo agus iad i mbun poiblíochta don albam nua agus corrchoirm cheoil acu!

Is i gContae an Dúin a bheidh siad anocht sa Skylite Room agus san Ardchathair Dé Sathairn i dtábhairne an Cobblestone. Go n-éirí an t-ádh leo.

Feachtas Folláine, Chumann Peile Naomh Abán, Baile Bhuirne, Corcaigh Dé Luain 14 Eanáir @ 19:00

Is minic go mbím ag cuimhneamh ar mo shláinte timpeall an ama seo don bhliain, le cad é cainte ar rúin na bliana nua. Go deimhin is timpeall an ama seo go gcuirtear tús leis an tsraith Operation Transformation, agus go spreagtar muintir na tíre le bheith níos aclaí agus sláintiúla. Tá tús curtha ag Cumann Peile Naomh Abán i mBaile Bhuirne le feachtas a mhairfidh ar feadh cúpla seachtain, le linn don gclár a bheith ar an teilifís.

Feachtas folláine atá i gceist, ar a mbeidh béim ní hamháin ar mheáchan a chailliúnt, ach ar athruithe chun feabhais a chur i bhfeidhm i do shaol. Tá súil acu aoichainteoirí spreagúla a mhealladh chucu; ranganna aclaíochta, siúlóidí seachtainiúla agus imeachtaí eile a chur ar siúl, a mbeidh baint ag an bpobal go léir leo. Chláraigh tuairim is 120 duine an tseachtain seo caite nuair a bhuail an ghrúpa don gcéad uair agus buailfidh siad arís le chéile Dé Luain seo, féachaint conas tá ag éirí le gach duine!

Ranganna Gaeilge, Scoil Shéamais Naofa, Bearna, Co. na Gaillimhe, Déardaoin 17 Eanáir @ 19:00

An dteastaíonn uait snas a chur ar do chuid Gaeilge? An ndéanfaidh tú amhlaidh sa bhliain 2019? Bhuel más i mBearna nó sa cheantar máguaird atá cónaí ort, bí ar an eolas faoi ranganna atá ar siúl, uair sa tseachtain, gach Déardaoin. Is in oiriúint do thosaitheoirí agus dóibh siúd a mian leo feabhas a chur ar an méid Gaeilge atá acu, atá na ranganna seo. Seán Cullen a bheidh mar mhúinteoir agus Scoil Shéamais Naofa an t-ionad.

SCÉALTA EILE