Gradaim NÓS + 4 Imeacht Ghaelacha eile!


Gradaim NÓS / The Sugar Club, Sráid Líosain, BÁC, Dé hAoine 12 Eanáir @ 19:00

Tá an saol is a mháthair ag labhairt faoi Ghradaim NÓS!

Sea, tá #GNÓS18 buailte linn faoi dheireadh thiar thall… baileoidh ceoltóirí, siamsóirí, lucht leanúna agus lucht na meán le chéile san Ardchathair amárach le ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht oibre atá déanta acu siúd atá i dtionscal an cheoil le dhá mhí déag anuas.

Bronnfar ocht n-gradam ar fad ar na hoirfidigh, seinnfidh plúr na gceoltóirí Gaelacha, beidh na meáin éagsúla ar an láthair, agus shamhlóinn chomh maith go beidh oíche go maidin ann!

Bí linn beo sa Sugar Club, nó éist le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 8in mar go mbeidh an t-imeacht le clos ar na haerthonnta, agus beidh NÓS agus BLOC ar Facebook chomh maith!


Gatehouse / Áras an Mhuilinn, An Muileann gCearr, Dé hAoine 12 Eanáir @ 20:00

Tá deireadh seachtaine ana-cheolmhar romhainn amach timpeall na tíre ar fad!

Beidh an banna ceoil Gatehouse ag tabhairt faoi Áras an Mhuilinn sa Mhuileann gCearr oíche amárach.

Is ann a bheidh John Wynne, Rachel Garvey agus muintir McEvoy, John agus Jacinta.

Táim cinnte go mbeidh ceol agus amhráin ó Tús Nua, albam an bhanna le clos le linn na coirme seo, lár tíre.


Saileog, Eoghan Ó Ceannabháin & Ailbhe Nic Donncha / Club Áras na nGael, Gaillimh, Dé hAoine 12 Eanáir @ 21:30

Tá Saileog Ní Cheannabháin ainmnithe d’albam traidisiúnta na bliana ag Gradaim NÓS i mbliana!

Comhghairdeas léi, tá Roithléan ar cheann de na halbaim is mó a chuaigh i bhfeidhm orm agus ar go leor eile anuraidh.

Má sea, ní bheidh Saileog i lár an aonaigh i gClub an tSiúcra amárach – canathaobh?

Bhuel, beidh sí i mbun ceoil sa Ghaillimh!

Ní léi féin a bheidh sí ach i gcomhluadar a dearthár Eoghan Ó Ceannabháin agus Ailbhe Nic Donnacha.

Is i gClub Áras na nGael a bheidh an triúr, agus cuirfear tús leis an gceol ag 9.30in.


Tionól Oirthear Chorcaí / Óstán Old Imperial, Eochaill, 12-13 Eanáir

An fuinneamh i ndúchas liteartha Oirthear Chorcaí a bheidh faoi chaibidil ag Tionól Oirthear Chorcaí an deireadh seachtaine seo in Eochaill.

Tabharfaidh an Dr. Breandán Ó Cróinín léacht ar Phiaras Mac Gearailt (1705-1795), agus is ar Risteard Ó Foghlú (1870-1957) a bheidh an scoláire agus saothraí ó Chnoc Muine Léith, Séamus Ó Máille, ag trácht.

Anuas ar na léachtaí, beidh ceol traidisiúnta agus amhráin ó Chárthach Mac Craith (thuas) i mbéar Óstán an Old Imperial, áit a mbeidh formhór na n-imeachtaí ar bun, seachas b’fhéidir an tsiúlóid ar an mbaile a bheidh faoi stiúir Edel Uí Eachtigheirn!

Tráthnóna Aoine a bheidh tús á chur i gceart leis an tionól nuair a dhéanfaidh Irial Mac Murchú é a oscailt go hoifigiúil.


Crash Test Caint / The Axis, Baile Munna, Dé Céadaoin 17 Eanáir @ 19:00

Rúin na hathbhliana a bheidh idir chamáin Dé Céadaoin seo chugainn ag an ócáid mhíosúil dar teideal ‘Crash Test Caint’, a bhíonn ar siúl i mBaile Munna, in ionad an Axis.

Tugtar cuireadh oscailte d’éinne a bhfuil spéis acu sa teanga teacht agus í a labhairt le grúpa atá oscailte agus fáilteach, agus a bhuaileann le chéile go rialta.

Breis eolais le fáil ach teachtaireacht a sheoladh chucu ag an seoladh crashtestcaint@gmail.com

SCÉALTA EILE