Gráinne Holland ar an ardán anocht agus Fleadh Feirste faoi lánseol

Beidh Gráinne Holland an tí seo ar an ardán anocht ag Fleadh Feirste in Áras Uí Chonghaile in iarthar Bhéal Feirste. Anuas ar a bheith ina stiúrthóir iontach físeán le NÓS, tá glór binn ag Gráinne agus beidh sí ag canadh anocht ón 19.00 mar chuid d’fhéile dheireanach na bliana i mBéal Feirste. 

Seoladh Fleadh Feirste i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich inné agus tá an fhéile faoi lánseol den deichiú bliain as a chéile i gceantar Gaelach Bhéal Feirste. Tá clár leathan imeachtaí beartaithe ag lucht eagraithe na féile don chúpla lá amach romhainn agus clocha míle móra á gcomóradh acu i mbliana — 100 bliain ó bunaíodh Dáil Éireann, 50 bliain ó bunaíodh ‘Gaeltacht’ Bhéal Feirste, agus 10 bliain ó cuireadh tús le Fleadh Feirste féin.

Deir lucht a heagraithe go bhfuil féile na bliana seo “faoi anáil an phobail cheannródaíoch” a tháinig le chéile i mBéal Feirste le dlús a chur faoin bpobal Gaelach ann, agus tá imeachtaí beartaithe a dhéanfar iniúchadh ar an tionchar a bhí ag muintir Bhóthar Seoighe ar shaol na Gaeilge sa gcathair agus a chomórfaidh an tionchar sin.

Beidh an banna ceoil Dàimh agus Brighde Chaimbeul ar an ardán in Amharclann na Cultúrlainne in éineacht leis an nGaillimheach Edel Ní Churraoin d’oíche cheoil oíche Dé hAoine, agus beidh geamaireacht na Nollag Seán agus an Gas Pónaire ar siúl sa spás céanna an lá arna mhárach. 

Tá imeachtaí le bheith ar siúl ar fud iarthar Bhéal Feirste, sa Lon Dubh in áras nua Raidió Fáilte, ag Coláiste Feirste in Ard na bhFeá, in Áras Uí Chonghaile, Gael-Ionad Mhic Goill agus sa gCultúrlann féin. 

SCÉALTA EILE