Tá lár an tsamhraidh agus Oíche Fhéile Eoin buailte linn. Cheiliúrtaí an oíche seo a leis na mílte bliain ar fud an domhain, agus bhí, agus tá go fóill, sí lárnach i saol na nGael. Is í an ghrian foinse gach fuinnimh ar domhan, eolas a thuig ár sinsir go maith.
Is í a chuireann na plandaí ag fás sa samhradh, plandaí a chothaíonn an uile neach ar feadh na bliana. Ag an am seo bliana agus an ghrian ag an phointe is airde sa spéir, ghabh ár sinsir buíochas leis an ghrian as gach bia a chur ar fáil dúinn agus do gach créatúr eile ar domhan.
Ceiliúrtar Oíche Fhéile Eoin go fóill inniu trí thinte cnámha a lasadh agus cóisir a chaitheamh, go háirithe i gceantair Ghaeltachta na tíre.
“Taitníonn an t-am seo bliana go mór liom féin agus bhí mé ag iarraidh físeán a dhéanamh chun grianstad an tsamhraidh a cheiliúradh. Is file iontach é Seán Ó Muireagáin agus scríobh sé an dán seo go heisiach do NÓS le haghaidh Oíche Fhéile Eoin,” a dúirt stiúrthóir an fhíseáin seo Gráinne Holland.’
I lár an tsamhraidh tig tinte na Féile Eoin
An lóchrann lasrach mar léaró na dréime
Mórchoinneal an tséasúir ag bailiú an tréada
Agus anam ar a phobal ar bhuille an mheán oíche
Fáinne tine lárchiorcal an cheiliúrtha
Siamsa is súgradh agus gach damhsa déanta
Gach céim seanchleachta mar a bhí sé fadó
Beidh bláth ar na barra faoi rath agus grásta
Agus gach dá bhfuil ann ag tabhairt ómós d’Áine
Cuirtear beatha i mbaol ag léimnigh thar lasrach
Gan éadáil ar bith ag fear atá náireach
Ach aithnítear coir agus cóir in san iarracht
Tá banríon na Síóg ag coimhéad go faichilleach
Bladhairí ag imeacht le deatach draíochtach
Díbirt deamhan agus imruagadh ainspridí
Tá Giolla na tineadh ag fágáil le hoidhreacht
Caith uait gach olc le himeacht na toite
Ábhar ceiliúrtha ó na cianta cairbreacha
Gnás na nGael ina chrann mór seasta
Ní bheidh aon mhí-ádh ort oíche fhéile Eoin