Rugadh mac liom seacht mí ó shin agus is mór an t-athrú a tháinig ar an tsaol. Níl agam anois ach mearchuimhne ar am saor a bheith agam, níl orlach den teach nach bhfuil trealamh nua ina luí thart air, tá buantuirse orm, agus, ar an ábhar go ndéanaim an lá a phleanáil thart ar mhianta an leaid óig, d’imigh cuid mhaith den spontáineacht ón tsaol.
Mar sin de, bhí lúcháir orm nuair a fuair mé téacs ó chara liom as Ard Mhacha le rá go raibh sé sa cheantar chun freastal a dhéanamh ar bhainis. Bhí an bhainis ann an lá roimhe agus é ag pilleadh ar Ard Mhacha go luath an mhaidin sin. Bheadh sé ag tiomáint thar mo theach, a bheag nó a mhór, agus é chun bualadh isteach. Bhí ríméad ormsa agus imní ar an bhean – “Níl am againn chun an teach a ghlanadh.” Sin scéal eile.
Agus mo chara ag plé na bainise, rith sé liom go mbeadh an t-ádh ar an lánúin. Cad chuige? Pósadh iad i mí Lúnasa. Tá tuairisc as Contae Mhaigh Eo ó na 1930í ina míníonn fear darbh ainm Pádraig Ó Gallchóir an méid seo:
“Deir na sean-daoine gurb iad Mí Lughnasa agus Mí ‘Meitheamh’ an dá mhí is ádhmhala le pósadh. Deir siad an duine a phósadh i Mí Lughnasa go mbíonn an Foghmhar le cnapadh aige. Sí mí na Bealtaine an mhí is mí-ádhúla le pósadh.
Fágaim an litriú mar a bhí nó tá sé cóngarach go leor do chóras an lae inniu. Meán Fómhair atá i gceist aige le ‘Meitheamh’ anseo. Is é ‘lár’ an chiall atá le ‘meán’ agus ‘meitheamh’ beirt. Mar sin de, tá ‘lár an fhómhair’ agus ‘lár an tsamhraidh’ mar mhíonna againn.
Scéal suimiúil é an droch-ádh a ghabhann le pósadh i Mí na Bealtaine. Sa chreideamh réamhChríostaíochta, creideadh gur phós Dia na Gréine ag an tráth seo den bhliain agus, mar sin de, lá mór do na págánaigh é seo dar leis an Eaglais. Is cosúil go ndearnadh iarracht mhór an nós seo a bhrú amach agus, sa deireadh, fágadh é gur chreid daoine go raibh droch-ádh leis an mhí seo mar mhí chun pósadh.
Ach roimh an Chríostaíocht, creideadh gur fhás an dia seo, agus go bhfuair sé bás, leis an bhliain. Beirtear é ag Grianstad an Gheimhridh, tá sé ina thachrán ag Imbolc, pósann sé leis an Bhandia Mhór (nó Bandia an Talaimh) ag Bealtaine, agus sroicheann sé barr a réime ag Cónocht an tSamhraidh.
Téann rudaí i laige ansin. Ag Lúnasa, faigheann a mháthair altramais, Tailte, bás (cluichí tórraimh iad na Cluichí Tailteann) agus faigheann an dia féin bás ag Samhain. Tosaíonn rudaí arís ansin.
Mar a luaigh mé, bhí pósadh idir Dia na Gréine agus an Bandia Mór ar Lá Bealtaine agus rinne na Gaeil sin a cheiliúradh agus é a cheiliúradh go maith. Tharla sé go raibh gnéas deasghnách ann, fiú! Is beag iontas, mar sin de, nach raibh an Eaglais róshásta leis.
Le pilleadh ar rudaí níos nuaí, leanann Ó Gallchóir ar aghaidh le cuntas an-suimiúil ar an bhainis mar a bhíodh beagnach céad bliain ó shin anois. Míníonn sé go gcuireann an fear cúpla cara chuig teach na mná le buidéal d’uisce beatha chun ceiliúr pósta a chur ar an bhean ar a shon. Má aontaíonn sí, téann na cairde ar ais chun an dea-scéal a insint agus téann an fear féin chuig an bhean ansin agus socraítear achan rud don lá mhór.
Míníonn sé ansin cad a tharlaíonn ag an bhainis féin. I ndiaidh na rudaí foirmiúla, bíonn cóisir ann. Deir sé go dtagann cleamairí isteach chuig an chóisir oíche na bainise agus go dtagann ceoltóirí isteach go luath ina dhiaidh chun tús a chur leis an damhsa. Críochnaíonn sé a chuntas le rud an-tábhachtach – bhí go leor uisce beatha do gach duine ann!
Cibé barúil atá agat faoin chóisir féin, ag smaointiú ar mo néarógaí bochta agus mé le ceiliúr pósta a chur ar mo bhean, sílim gur iontach an smaointiú cúpla cara a fháil chun é sin a dhéanamh ar do shon.
Tá cúrsa ar fhéilte na bliana (cúrsa ina bpléitear seo agus eile) curtha ar fáil ag Gaelchultúr. Is féidir sonraí a léamh anseo.