Beidh os cionn 30 imeacht ar siúl ag dreamanna Gaeltachta tráthnóna mar chuid den fhéile mhór chultúir Oíche Chultúir 2021. Beidh cuid de na himeachtaí seo ag tarlú ar líne ach beidh cuid mhaith acu ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na Gaeltachta.
Chomh maith leis na himeachtaí beo sin, craolfar clár speisialta ar TG4 ag 20:30 anocht – Oíche Chultúir sa Ghaeltacht. Tabharfar an lucht féachana ar camchuairt timpeall na Gaeltachta agus gheofar léargas ar an gcultúr, ar an oidhreacht, agus ar na healaíona dúchais atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Beidh daoine mór le rá as na ceantair éagsúla ar an scáileán beag agus blaiseadh ar shaibhreas cultúrtha a gceantair dúchais á dtabhairt acu – leithéidí Diane Ní Chanainn, Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta, Dairena Ní Chinnéide agus go leor eile nach iad ina measc.
“Táim an-sásta le bheith mar Ambasadóir ar Oíche Chultúr i mbliana, ceapaim go bhfuil sé fíor tábhachtach go ndéanaimid ceiliúradh ar ár gcultúr agus ar an ealaíon. Táim ag súil go mór le cuireadh a thabhairt don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín; an Rinceoir Cónaitheach san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne, teacht amach chun obair liom ar Oileán Chléire chun an nasc idir na ceantair Gaeltachta i gCorcaigh a láidriú. Bhí go leor brú ar ealaíontóirí le linn na paindéime. Táim lán sásta a bheith ag obair le Ealaín na Gaeltachta mar Ambasadóir mar tugann an ócáid seo deiseanna d’ealaíontóirí atá ag obair agus ag cur futhu sna ceantair Ghaeltachta agus d’ealaíontóirí ar fud na tíre,” a dúirt Ruairí Ó Donnabháin, ambasadóir na féile.”
Tá clár iomlán na Gaeltachta d’Oíche Chultúir ar fáil anseo.
Áit | Ócáid | Cur Síos |
TG4 20:30 | Oíche Chultúir sa Ghaeltacht | Rachaimid ar camcuairt le blaiseadh a fháil ar réimse fairsing Ealaíne ó na ceantair Ghaeltachta. |
Iarthar | ||
Teach Scríbe, Conamara | Ceiliúradh ar Cuisle | Ceol, damhsa agus amhránaíocht le teagascóirí agus páistí ón gclár Cuisle. |
Cois Fharraige | Ó Ghlúin go Glúin | Tugann Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga léargas ar na healaíona ag gluaiseacht ó ghlúin amháin go glúin eile. |
Ceantar na n-oileáin | Podchraoladh le Glór na nOileán | Sraith agallamh le muintir an cheantair ina bpléifear ábhar a bhaineann le cultúr/oidhreacht agus teanga an cheantair. |
Maigh Cuilinn | Béaloideas Mhaigh Cuilinn. | Béaloideas Mhaigh Cuilinn. Tar linn ar thuras siar in am thart timpeall Maigh Cuilinn agus éistigí le scéalta álainn béaloideas sna coillte, sna cnoic agus cois locha. Lán de glic agus grean beidh muintir Mhaigh Cuilinn á chur faoi gheasa sibh. |
Dúiche Sheoigheach | Ceoltóirí Óga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh | Oíche cheoil agus amhránaíochta leis an ngrúpa nua Ceoltóirí Óga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh (comhthogra idir Comhaltas Ceoltóirí Dhúiche Sheoigheach agus Pleanáil Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh |
Rath Cairn | Seisiún amhránaíochta | Seisiún amhránaíochta le hÉamon Ó Donnchadha agus cairde. |
Pobal Rua | Na Reathaithe Rua | Rachaidh 10 duine ón bpobal (ó na Reathaithe Rua) ag siúil agus ag sodar i lár an bhaile, sa dorchadas, agus iad gléasta mar Chleamairí agus mar Fhir Bhuí. Caithfidh siad feisteas déanta as éadach lonrach, deartha agus curtha le chéile ag an ealaíontóir Ríonach Ní Néill. Beidh ceoltóirí in éindí leo. |
Conamara Láir | Forbairt Chonamara Láir | Siamsaíocht agus taispeántas cultúrtha i trí ionad thar an trathnóna |
Inis Oírr | Cóiriú cruthaitheach le Lasairfhíona Ní Chonaola | Cóiriú cruthaitheach ar amhrán thraidisiúnta mbeidh fístéip den amhráin cóirí bealach samhlaíoch ina cuideachta. Craolta beo le linn Oíche Chultúir |
Oileán Acla | Scoil Acla | Oíche Cheoil, agus Cultúr Facebook idir ceol, amhránaíocht, scéalaíocht agus rince, meascán de “taispeántais beo” agus “físeanna réamh-thaifeadta” ann. |
Inis Meáin | Comhar Chumann Inis Meain | Ceardlann Scéalaíochta, ceolchoirm |
Maigh Eo | Aras Inis Ghluaire | Taispeántas Ealaíona |
An Tulach, Conamara | Fíbín | |
Inis Oírr | Áras Eanna | |
Tír Chonaill | ||
Árainn Mhór | Ó Arainn Mór go Beaver Island | Beidh ceoil, caint ó Rónan Galvin faoin cheoil a tháinig ó Árainn Mhór ag diriú ar shaothar Patrick Bonner Ward ach go háirithe. Chomh maith le sin beidh taispeántas seasmhach a chur ar fáil don phobal le griangraif and íomhanna ó Beaver island a chur suas san ionad phobal. |
Na Rosann | Cás cultúr na Rosann | 3 mhír aonarach a bheidh a thaifead agus a chur le chéile I bhfoirm físeán le taispeáint don phobal ar an Oíche Chultúir. 1) Scéalaíocht le Kim Sharkey (caractair a chruthú ag daltaí) 2) Físealaíon le Brian Byrne bunaithe ar sean-bhóthar iarann na Rosann 3) Sceitse grinn. |
An tSeanbheairic | Lá agus oíche ilchultúrtha ilghnéitheach sa tSean Bheairic | Lá agus oíche ilchultúrtha ilghnéitheach sa tSean Bheairic, le ceol, ealaín rannpháirteach agus taispeántas ar an cheardaíocht thraidisiúnta. |
Teileann | Ceiliúradh Cultúrtha | Ceiliúradh Cultúrtha (Bealoideas/Iascaireacht/Ceoil) |
Scoil Cheoil na Crannóige | Seisiúin Ceoil | Seisiúin Ceoil le ceoltóití óga na Crannóige leis an cheoltóir Mairead Ní Mhaonaigh |
Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Colm Cille | Sraith imeachtaí cultúrtha | |
Leabharlann Pobal Ghaoth Dobhair | Taispeántas ealaíona | Taispeántas ealaíona ar Stair Oileán Ghabhla a chur i láthair ag Máirín Uí Fhearraigh – Agallamh le Máirín agus ceol ag dul amach ar físeán @7i.n |
Comhcheol – Arts & Wellness | Síle na gCíoch | Ceardlann Ealaíona ar an trá le grúpa mná Donegal Women’s Network. |
Gaoth Dobhair | Turas Úr | Taispeántas dealbhóireacht le hocht ealaíontóir taobh amuigh d’Amharclann Ghaoth Dobhair. |
Gaoth Dobhair | Aisteoirí Ghaoth Dobhair | Dráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, Damhsa le Forristel School of Dance agus Ceol le ceoltóirí óga na Crannóige |
An Gailearaí | ||
Ó Dheas | ||
Port Láirge | Nuadán | Ceolchoirm fíorúil |
Corcaigh | Craobh Lachtain Naofa | Baois – Físeán dos na healaíona dúchasacha le daoine óga |
An Díseart | Ócáid Fhilíochta Béil, Ceol agus Amhráin | Ócáid Fhilíochta Béil, Ceol agus Amhráin ó Cholm Mac Gearailt, File Cónaitheach sa Díseart, le aíonna speisialta Eoin P Ó Murchú, Fionn Ó Neill agus Mattie Barker. |
Baile Bhúirne | Ionad Chultúrtha Baile Bhúirne | |
An Díseart | Breac-mhais | Breac-mhais: Léaráidí a chum Domhnal sa Díseart. Súil siar ar fiche bliain de mhaisiúcháin |
An Díseart | Cibéal Draoíochta | |
Dingle Hub | Gearrscannáin Nua | Seoladh agus taispeáint gearrscannán nua déanta ag rannphártaithe ar na ceardlanna ‘Prionsabail Scannáin’ agus ‘Tionscal na Scanánnaíochta Trí Ghaeilge: Cultúr agus Cleachtas’ sa Dingle Hub 2019-2021. Tá na ceardlanna seo ó pháirt mhaoiniú ag Ealaín na Gaeltachta. Cuirfidh Ciara Barrett agus Mark McLoughlin, áisitheoirí na gceardlann, na scannáin i láthair. Beidh na gearrscannáinn á sheoladh ag aoi speisialta atá clú agus cáil ag baint leo i dtionscal na scannán. |
An Díseart | Caife Caol | Seoladh clos leabhair filíochta dhá theangach le Maria Ní Mhurchú |
Ciarraí | Ponc Press | Seoladh leabhar ‘Cogar i leith chugam’ – dánta, liricí agus íomhánna |