Imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na tíre d’Oíche Chultúir anocht

Beidh na scórtha imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir – idir sheisiún cheoil i gcontae Aontroma, chéilí mór i mBaile Átha Cliath, Ghaeltacht na Cathrach i nGaillimh, agus ghearrscannáin Ghaeilge i gCorcaigh. 

Tá an tOireachtas ag tacú le hos cionn 30 imeacht Gaeilge ar fud na hÉireann anocht ach tá níos mó fós a n-eagrú ag grúpaí timpeall na tíre nach bhfuil baint ag an Oireachtas leo. 

Tá Oíche Chultúir ar an bhfód le seacht mbliana déag anois agus an Ghaeilge ina croíchuid den cheiliúradh náisiúnta cultúir i gcaitheamh an ama sin. Tá imeachtaí á n-eagrú ar fud na Gaeltachta i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, agus i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. 

Beidh Pólca 4, Ruadhán Ó Flatharta, agus Caitríona Ní Cheannabháin ar an ardán i gCearnóg Theach an Tionóil i mBarra an Teampaill ó 19.30 anocht – “buaicphointe na hoíche don Oireachtas”. 

“Beidh oíche lán le ceol, craic, damhsa, agus amhránaíocht chun pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a thabhairt le chéile don ócáid speisialta seo. Is cúis áthais dúinn san Oireachtas a bheith páirteach i dtionscnamh Oíche Chultúir arís chun ardán a sholáthar do ghréasáin agus d’ealaíontóirí Gaeilge ar fud na tíre.

“Is mian linn a chinntiú go mbeidh láithreacht láidir Ghaeilge ar an gclár arís i mbliana mar go dtuigimid an tábhacht a bhaineann le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht,” a dúirt Ceannasaí an Oireachtas Máirín Nic Dhonnchadha. 

Tá clár na n-imeachtaí a bhfuil tacaíocht an Oireachtais acu ar fáil anseo agus clár iomlán Oíche Chultúir ar fáil anseo.

SCÉALTA EILE