STAIR: The Road to the Rising, Sráid Uí Chonaill / Luan Cásca, 6 Aibreán
Tá ceiliúradh á dhéanamh ag RTÉ ar Éirí Amach na Cásca mar chuid de chomóradh 1916 na heagraíochta – ‘I dTreo na Saoirse/The Road to the Rising’.
Coisithe amháin a scaoilfear ar Shráid Uí Chonaill na príomhchathrach Luan Cásca dá bharr.
Déanfar iarracht athchruthú a dhéanamh ar an bpríomhshráid, amhail is gur 1915 atá ann – le hatmaisféar agus ceol oiriúnach, agus fiú feithiclí ón seanré scaipithe suas síos an tsráid.
Beidh ceolchoirm mhór ar siúl le linn an lae, ó 11rn go 5in, áit a gcloisfear Cór Chúil Aodha, Beoga (thuas), The High Kings, agus grúpaí eile nach iad.
Is in Óstán Wynn’s, Halla na Saoirse agus Óstán an Gresham a bheidh cainteanna poiblí agus díospóireachtaí le clos, bunaithe ar théama an Éirí Amach – ‘History Ireland Hedge School: Was the Easter Rising justified?’, ‘Before the Rising – The Big Personalities’, díreach mar chúpla sampla.
Craolfar cuid mhaith cláracha ar RTÉ Raidió 1 le linn an lae, agus clár amháin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta – Cormac ag a Cúig.
Ach is Cormac ag a Ceathair a bheidh ann Dé Luain seo chugainn leis an gclár ag craoladh beo uair a chloig níos luaite mar a bhíonn de ghnáth.
Pléifear oidhreacht an Éirí Amach in Éirinn sa lá atá inniu ann, chomh maith le tábhacht na Gaeilge i 1916 agus i gcomóradh 1916, le painéal d’aíonna, beo ó Ard Oifig an Phoist.
Faoi chathaoirleacht Chormaic Uí Eadhra, a bheidh Éamon Ó Cuiv ó Fhianna Fáil; Míchéal Mac Donnacha ó Shinn Féin; Seán Ó hArgáin, Páirtí an Lucht Oibre; An Dr. Regina Uí Chollatáin agus an t-iriseoir Ian Malcolm.
EALAÍON: Féile na Cásca, An Máimín, Baile an Fheirtéaraigh / Dé Domhnaigh 5 Aibreán – Dé Domhnaigh 12 Aibreán
Tá dhá ócáid ar bun i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo atá gar dom chroí.
Baineann ócáid amháin le cúrsaí ealaíne agus an ócáid eile le cúrsaí drámaíochta – dhá chaitheamh aimsire dem chuid, gur dheas liom tuilleadh ama a chaitheamh ag gabháilt dóibh!
Sin mar a bhíonn…
Uair sa bhliain, eagraíonn Oidhreacht Chorca Dhuibhne taispeántas ealaíne dar teideal, Féile na Cásca.
Tá an ócáid seo ar bun le breis is daichead bliain anois, agus ní i laige atá sé ag dul.
Tá fás ag teacht ar líon na n-ealaíontóirí atá ag glacadh páirte, agus fás ar líon na gcuairteoirí atá ag baint lán na súl as a mbíonn le feiscint.
Bíonn daltaí scoile na leithinise gafa ag prapáil chuige seo ó thús na bliana.
Tugtar téama difriúil dóibh gach aon bhliain agus cruthaíonn siad saothar ealaíne dírithe air sin.
I mbliana is ag díriú ar chúrsaí ailtireachta atá siad agus foirgintí an cheantair á gceiliúradh acu.
Bunaíodh a gcuid oibre ar fhoirgnimh sa chomharsanacht a chonaiceadar agus iad ar thurais le treoraithe áitiúla agus físealaíontóirí na háite.
Tráthúil go maith, bhog foireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne, mar aon le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, go foirgneamh nuathógtha ar an mBuailtín díreach roimh Nollaig.
Seans go mbeidh léamh na ndaltaí scoile ar an gceannáras nua seo le feiscint i bhfoirm ealaíne sa taispeántas!
Ghlac mé féin páirt sa taispeántas agus mé ag fás aníos, i mo dhalta ag freastal ar Scoil an Fheirtéaraigh.
Buaicphointe na bliana a bhíodh ann domsa agus bhínn go mór ag súil le díriú ar an obair nuair a thiocfadh scéala chugainn i dtaca leis an téama.
Níor thráigh mo chuid dílseachta chuige agus mé sa mheánscoil, agus fiú tar éis dom saol an oideachais a fhágaint, ghlacas páirt cúpla bliain ó shin sa phríomhthaispeántas – an grúp-thaispeántas.
Chaitheas súil ar chlár na féile, díreach roimh dhíriú ar an alt seo, agus tá idir ealaíontóirí aitheanta agus áitiúla páirteach sa ghrúp-thaispeántas, leithéidí Cliodna Cussen, Cathal Póirtéir, Tomás Ó Ciobháin agus Liam Ó Néill – i measc scata eile.
Fáiltíonn siad roimh ealaíontóirí, cuma má táid cáilithe nó nach bhfuil.
I mbliana chomh maith cím ainmneacha nach n-aithním ar an gclár, agus cuireann sé sin sceitimíní orm.
B’fhéidir go dtabharfadh sé chomh maith an brú orm cuardach a dhéanamh do mo chuid péinteanna agus pinn luaidhe in athuair, agus tabhairt faoi shaothar d’fhéile na bliana seo chugainn!
Is féidir clár iomlán na féile a íoslódáil ar leathanach Facebook Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
DRÁMA: ‘Jane’, le Mike Venner, Stiúideo Chúilín, An Daingean / 3, 6, 8, 10, 11 Aibreán @ 20:00
Agus seo anois an ócáid eile sin atá gar dom chroí.
Ghlacas páirt i ndráma de chuid an údair Mike Venner agus mé sa mheánscoil.
‘Green’ ab ainm dó, dráma a léirigh an comhlacht drámaíochta Beehive Theatre.
Thaitin sé thar cionn liom liom; bhí an scéal faoi chúrsaí eolaíochta agus dílseachta idir ghreannmhar agus, glan na fírinne, wacky!
Is mó dráma breá atá scríofa ag an bhfear céanna don gcomhlacht céanna thar na blianta – Bookworms, Witch Switch, Rats!, i measc eile.
Tá dráma nua dá chuid dar teideal ‘Jane’ á chleachtadh ag an gcomhlacht faoi láthair agus is i gcaitheamh na Cásca a léireofar é.
Aisteoirí an cheantair atá páirteach.
Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.