Imeachtaí móra duit!

siamsa-rnag


CEOL: John Spillane, Ionad Duncairn, Béal Feirste / Dé Sathairn 14 Feabhra, @20:00

Níl aon réamhrá ag teastáil ón gceoltóir agus amhránaí iontach seo ó chathair Chorcaí atá ar cuairt i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo.

Cén bealach níos fearr chun Lá Fhéile Vailitín a chaitheamh ná i gcuideachta an Uasail Spillane agus a ghlór binn agus a amhráin thaitneamhacha?

Tá sraith ceolchoirmeacha den scoth á reáchtáil faoi láthair ag Ionad Duncairn i dtuaisceart na cathrach agus seo an ceann is déanaí.


mairtin-oconnor-nua

CEOL: Ceolchoirm sa Bailey Allen Hall, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh / Dé hAoine 13 Feabhra, @19:30

Tá Fleadh Cheoil na Gaillimhe beartaithe do mhí na Bealtaine agus i láthair na huaire tá imeachtaí á bpleanáil le hairgead a bhailiú don bhféile.

Tá Comhaltas Mhaigh Cuilinn agus Comhaltas Chnoc na Cathrach i mbun eagraithe d’ócáid a bheidh ar siúl tráthnóna inniu, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Féasta ceoil a chuirfidh an coiste eagraithe ar fáil dúinn le ceoltóirí áitiúla, agus ó áiteanna níos faide i gcéin, ag tabhairt faoin stáitse.

Beidh ceoltóir na bliana – Máirtín O’ Connor (thuas) – a bheidh ag glacadh leis an aitheantas sin ag searmanas bronnta na nGradam de chuid TG4, ar an 22 Feabhra, in Áras an Cheoldráma, Corcaigh.

Beidh Lillis Ó Laoire le feiscint chomh maith, maraon le Mary McPartlan, Muintir Gavin, lucht Chomhaltais Mhaigh Cuilinn, agus buíon cheoltóirí atá bainteach le Cumann Trad na hOllscoile.


Nell-Ni-Chroinin

SIAMSAÍOCHT: Tionól Niocláis Tóibín, Rinn Ó gCuanach / 13-15 Feabhra

Ba dheas liom a bheith ó dheas i bPort Láirge an deireadh seachtaine seo!

Mór mo náir nár thugas riamh turas ar Rinn Ó gCuanach, agus an oiread cloiste agam faoin gceantar.

Cuirfear tús anocht, thíos ann, leis an Tionól bliantúil in ómós do Nioclás Tóibín – féile amhránaíochta agus cheoil i nGaeltacht na nDéise.

Mairfidh na himeachtaí ar feadh trí lá, agus is anocht ag a naoi a chlog a sheolfaidh Helen Ní Shé, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, an tionól go hoifigiúil.

Beidh ceolchoirmeacha, léachtaí agus ceardlanna ar siúl le scata ceoltóirí agus amhránaithe cuid acu de bhunadh na háite, cuid eile ó níos faide i gcéin.

Ina measc beidh buaiteoir Chorn Uí Riada 2014, Nell Ní Chróinín (thuas).

Mura féidir libh a bheith i láthair, bí cinnte a bheith ag éisteacht le scléip an deireadh seachtaine ar an gclár Togha agus Rogha, beo ó Mheánscoil San Nioclás, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, amárach ag a meánlae. Pádraig Ó Sé a bheidh sa chathaoir.


Mar-a-cheile-muid

DRÁMA: ‘Mar a Chéile Muid’, le Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha. Ionad an Phobail, Ráth Chairn / Dé hAoine 13 Feabhra @ 21:00

‘Mar a Chéile Muid’ an teideal atá ar dhráma grinn ó pheann Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, beannacht Dé leis.

Aon uair go gcloisim ainm an údair, smaoiním ar an sár-dhán a chum sé darb teideal ‘An Chéad Dráma’, agus cur síos aige ar dhráma fada an tsaoil:

Chum Dia dráma ‘gleann na ndeor’,
Agus thug sé páirt ann do go leor,
Dráma fada ar stáitse mór,
An domhan.

Is é an craoltóir agus cumadóir Ciarán Ó Fátharta atá i mbun léirithe leis an gcóiriú áirithe seo, de chuid Chumann Drámaíochta Chaoráin Aodha Leitir Mealláin.

Is ar stáiste Halla an Phobail i Ráth Chairn na Mí a léireofar é tráthnóna anocht.

Páirteach ann, i measc go leor, tá: Danny Wallace, John Beag Ó Flatharta, Micheal Ó Domhnaill, agus Sonaí Choilm Learaí.

Bhí an dráma seo le feiscint ar stáitse na Taibhdheirce cheana agus in ionaid éagsúla i gceantar Chonamara.

Deirtear liom go mbeidh raifil ar siúl ar an oíche chomh maith, agus shamhlóinn, gur sa Bhradán Feasa i ndiaidh an dráma, a bheidh an cleachtadh ar fad!


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE