Imeachtaí na Féile Bróid

Dána: Seimineár ar Léann na Collaíochta agus na Gnéasúlachta sa Ghaeilge 

Aoine 25 Meitheamh @16::00 

Tá seimineár eagraithe ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU ina n-iniúchfar an ghnéasúlacht agus an chollaíocht i léann na Gaeilge, mar chuid d’Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath. 

Ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig sean.macristeaird@dcu.ie le clárú.

Cluiche Snatch 

Satharn 26 Meitheamh @13:00 

Beidh an Cluiche Snatch á reáchtáil ag an ngrúpa AerachAiteachGaelach Dé Sathairn agus iomaitheoirí ag dul in aghaidh a chéile le duais €300 a bhuachan. Beidh ‘HuPaul’ (nó Hugh Carr mar is fearr aithne air) á chur i láthair agus beidh deis ag an lucht féachana duais €50 a bhuachan. 

Craolfar an cluiche ar YouTube.

Rí-Rá Ciorcal Comhrá 

Céadaoin 30 Meitheamh @19:30 

Beidh deis ann do mhná leispiacha agus déghnéasacha bualadh lena chéile ar Zoom agus bheith i mbun comhrá trí Ghaeilge. Is é LINC a d’eagraigh agus fáilte roimh gach leibhéal teanga. Bíonn ciorcal comhrá ann gach Céadaoin! 

Seol ríomhphost chuig info@linc.ie le clárú 

Cláir Bhróid Raidió na Life 

Ar-éileamh 

Bhí seachtain mhór mhaith ag Raidió na Life lán cláir speisialta, cláir faisnéise, agus seinnliostaí a roghnaigh na láithreoir go speisialta le tacaíocht a léiriú don phobal aiteach. Tá na podchraoltaí agus cláir seo ar fáil anois ar shuíomh an stáisiúin agus míreanna eile le cloisteáil ar na príomhardáin éisteachta amhail Spotify.

SCÉALTA EILE