Imeachtaí na Féile Pádraig le Sinéad Ní Uallacháin

Ceol beo ag St. Luke’s, Corcaigh 15-17 Márta

Nár bhreá liom a bheith i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo ó thaobh an cheoil de! Liosta le háireamh le bheith ag seinm i St. Luke’s thar an deireadh seachtaine. Déanann an banna Lankum agus an Corcaíoch Jimmy Crowley, leaganacha breátha den amhrán Salonika, go deimhin is ó Jimmy a chuala Lankum an chéad lá riamh é. Beidh an dá dhream ar stáitse Dé Domhnaigh beag seo — Lá ‘Fhéile Pádraig. Scullion agus Anna Mieke aíonna an tSathairn agus anocht is iad Interference agus Elaine Malone a bheidh le clos. Sár-dheireadh seachtaine do shiamsaíocht Cois Laoi.

Lá Teaghlaigh na Féile, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Domhnaigh 17 Márta @ 12:00

An bhfuil aon phlean agat go fóill do Lá Fhéile Pádraig? Mura bhfuil agus tú timpeall ar chathair Bhéal Feirste, bí ar an eolas mar gheall ar Lá Teaghlaigh na Féile Pádraig, a bheidh ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is ann a bheidh ceardlanna ealaíne do dhaoine óga, seisiún scéalaíochta, péinteáil aghaidheanna, ceol beo, céilí don gclann ar fad agus taispeánfar cluichí móra CLG an lae chomh maith!

Tae agus plé, Seomra na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, Dé Máirt 19 Márta @ 13:00

Ní gá go mbeifeá ag freastal ar Ollscoil Mhá Nuad le bheith páirteach in ócáid rialta a bhíonn ar siúl acu gach Máirt óna 13:00, áit a mbíonn Tae agus Plé! Is ciorcal comhrá atá i gceist d’éinne atá ag iarraidh cúpla focal a chleachtadh. Is i Seomra na Gaeilge a bhíonn a leithéid ar siúl, áit a mbíonn caife, tae agus brioscaí le fáil saor in aisce! Áit chomh maith a bhfuil atmaisféar réchúiseach fáilteach — agus go bhféadfá bualadh le cairde nua ann!

 

Abair Amhrán, Clé Club, Halla na Saoirse, Dé Céadaoin 20 Márta @ 20:00

Muintir cheolmhar Cheannabháin – Peadar, a bheirt iníon Saileog agus Muireann, agus a mhac Eoghan, a bheidh mar aíonna speisialta ag an gClé Club Dé Céadaoin seo chugainn. Is i Halla na Saoirse a bheidh an ócáid seo ar bun, club amhránaíochta do chách. Beidh fáilte rompu siúd a bheidh i láthair amhráin a rá i rith na hoíche chomh maith!

 

Bewley’s ag a Sé, Bewley’s Sráid Grafton Déardaoin 21 Márta @ 18:00

Beidh ceol breá mar is iondúil le clos in Bewley’s ar Shráid Grafton i rith na míosa seo mar chuid den tsraith, ‘Bewley’s ag a 6’. Ceol don gcluas agus do na cosa atá geallta! Is é Páraic Bainseó Mac Donnchadha duine d’aíonna na hoíche, in éineacht leis na sárcheoltóirí eile, an boscadóir Graham Guerin agus Libby McCrohan, a bhíonn ag seinm ar an mbasúcaí. Beidh blaisíní bídh le fáil ar an oíche, agus beidh tú in ann fíon, beoir, deochanna boga, tae nó caife a cheannach ar an láthair chomh maith! Spás teoranta, bí cinnte áirithint a dhéanamh go luath.

SCÉALTA EILE