Beidh imeachtaí de chuid Oireachtas na Samhna ar siúl i gceantar oifigiúil Gaeltachta den chéad uair le beagnach scór blianta an bhliain seo chugainn. Dheimhnigh Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, do NÓS go mbeidh imeachtaí de chuid mhórfhéile na nGael ar siúl i nGaeltacht Chonamara mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2020.
Nuair a fógraíodh tamall de bhlianta ó shin go mbeadh cathair na Gaillimhe ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa don bhliain 2020, moladh go reáchtálfaí Oireachtas na Samhna sa gcathair sin mar chuid den cheiliúradh mór cultúir.
Bhí amhras ann faoi cé acu an gcuirfí nó nach gcuirfí an moladh sin i bhfeidhm ach dheimhnigh Liam Ó Maolaodha go mbeidh an fhéile ar siúl sa gcathair dhátheangach agus ní hamháin sin ach go mbeidh imeachtaí dá cuid ar siúl i gceantar Gaeltachta an chontae freisin.
Reáchtáladh Oireachtas na Samhna i gceantar Gaeltachta den uair dheireanach sa mbliain 2002, nuair a bhí sé ar siúl i nGaoth Dobhair i Thír Chonaill. Ba i mbailte taobh amuigh den Ghaeltacht a reáchtáladh é ó shin, go minic i gCill Airne i gContae Chiarraí.
Dúirt Liam le NÓS tráthnóna go mbeidh formhór na n-imeachtaí ar siúl i gceantar Bhóthar na Trá, ceantar a bhfuil trí ionad mhóra siamsaíochta ann — Óstán Chuan na Gaillimhe, Óstán Bhóthar na Trá agus ionad Leisureland. Táthar ag súil go mbainfear leas as na trí ionad sin, chomh maith le hionaid eile sa gcathair ar nós na Taibhdheirce agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Tá sé i gceist ag Oireachtas na Samhna puball mór a thógáil i mBóthar na Trá do chuid de na himeachtaí móra a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile.
Ar na himeachtaí Gaeltachta a bheidh ar siúl beidh cluiche mór iománaíochta agus ócáidí cultúrtha i mbailte ar nós Charna, Ros Muc agus na Ceathrú˜Rua.
Ar an 18 Samhain 2019 fógrófar uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2020 ag ócáid speisialta i mBóthar na Trá. Tabharfar tuilleadh eolais faoi imeachtaí agus leagan amach Oireachtas na Samhna 2020 ag an ócáid sin.
Ba i mBaile Átha Cliath a reáchtáladh an chéad Oireachtas in 1897. San Ardchathair a reáchtáiltí é ar feadh na mblianta tosaigh sin go dtí 1913, nuair a chuathas siar go Gaillimh. Bhí an tOireachtas ar siúl i gCill Airne, Corcaigh, Dún Dealgan agus Port Láirge le go dtí 1919, nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath. Níor reáchtáladh aon Oireachtas ar feadh 15 bliana, idir 1924 agus 1939.
Ó 1939 go 1973, ba i mBaile Átha Cliath a bhíodh sé ar siúl go dtí gur éiligh muintir na Gaeltachta go dtabharfaí an fhéile mhór siar. Bhí ‘Oireachtas Chois Fharraige’ ann in 1974 agus chuaigh an fhéile ar camchuairt timpeall na tíre agus na Gaeltachta as sin go 2010. Is i gCill Airne agus Baile Átha Cliath atá an tOireachtas ar siúl le beagnach 10 mbliana anuas.