IMRAM, ceol agus picnicí!

siamsa-rnag


LITRÍOCHT: IMRAM @ Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath / 18-21 Bealtaine

Tá féile idirnáisiúnta litríochta Bhaile Átha Cliath ar siúl san Ardchathair faoi láthair, agus rogha bhreá leathan d’imeachtaí beartaithe.

Is trí mheán na Gaeilge a bheidh riar maith acu agus iad eagraithe i gcomhpháirt le hIMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge.

Aidhm IMRAM ná saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt leis an bpobal agus iad a thabhairt leo ar aistear mistéireach, tríd an bprós, filíocht agus ceol, labhartha agus scríofa.

Tá éirithe go breá leo go nuige seo, gan trácht ar an tseachtain d’ócáidí úra eile atá rompu.

Ar an Luan seo chugainn, scéinséirí stairiúla a bheidh faoi chaibidil.

Pléifidh painéal d’údair gnéithe éagsúla a bhaineann leis an bhfiscean stairiúil, Liam Mac Cóil, Darach Ó Scolaí agus Seán Ó Dúrois ina measc.

Is faoi chathaoirleacht Chathal Póirtéir a bheidh an plé sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair.

An lá ina dhiaidh, ar an Máirt, beidh léiriú á dhéanamh ar an gcogaíocht, le taispeántas dar teideal Cogaí.

Taispeántas ilmheánach atá i gceist leis seo bunaithe ar chnuasach gearrscéalta le Dáithí Ó Muirí, leis an teideal céanna.

Meascán de phrós, rince, ceol agus íomhánna teilgthe atá geallta in Amharclann Smock Alley, ó leithéidí Enda Reilly, Fearghus Ó Conchúir agus Margaret Lonergan.

Seachtain ó inniu a bheidh Tionscadal Dordfhilíochta – cur i láthair le caint, rapáil agus léitheoireacht – ar siúl.

Fillfidh lucht Imram ar Amharclann Smock Alley chuige seo.

Páirteach beidh Marcus Mac Conghail (thuas), Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Liam Ó Muirthile agus Séamus Barra Ó Súilleabháin.

Cloisfear ceol agus tionlacan na ndordghiotár ó Martin Brunsden, Neville Lloyd agus Eoin O’Brien.

Níl ansin ach blaiseadh beag d’ócáidí IMRAM le linn na Bealtaine; agus blaiseadh beag bídeach d’ócáidí uilig na féile idirnáisiúnta litríochta, trí chéile.

Scéinséirí Stairiúla, An Siopa Leabhar / Dé Luain 18 Bealtaine @ 18:30
Cogaí, Amharclann Smock Alley / Dé Máirt 19 Bealtaine @ 20:00
Cuisle Tionscadal Dordfhilíochta / Déardaoin 21 Bealtaine @ 21:00


ciaran-caitlin-1

CEOL: Caitlín agus Ciarán, timpeall na tíre / As seo go deireadh na míosa

Is mó cainte atá cloiste agam faoi Chaitlín agus Ciarán le roinnt seachtainí anuas.

Mo sheasamh orthu!

Táid ar camchuairt faoi láthair agus albam nua dá gcuid á sheoladh acu timpeall na tíre.

Tá mo chóip féin agam, agus déanaim comhghairdeas leo.

Is albam álainn é uathu beirt… Posh agus Becks an cheoil thraidisiúnta, mar a chuala mé láithreoir raidió amháin ag tabhairt orthu, ní ró-fhada ó shin!

Is i nDoire a bheidh siad amárach, ansin ar aghaidh go Ros Comáin, Co. an Chláir agus Maigh Eo.

Tuilleadh sonraí ar caitlin.ie

Beidh sos tuillte go maith acu ina dhiaidh seo ar fad!

Bhí Caitlín agus Ciarán faoi agallamh le déanaí ag NÓS anseo.


picnic

SPRAOI: Picnicí Ghlór na nGael, timpeall na tíre / 16-17 Bealtaine

N’fheadar an mairfidh an droch-aimsir don deireadh seachtaine?

Sin atá geallta, de réir m’aipe aimsire.

Mo chomhairle féin: gabh amach ón dtigh, ná bí sáite ag imirt cluichí boird, nó cluichí ríomhaireachta.

Fág an Candy Crush go leataobh, cuir ort do chasóg bháistí agus bailigh leat amach faoin aer.

Go háirithe má tá leanaí óga timpeall an tí agat.

Tá sraith de phicnicí eagraithe ag Glór na nGael a bheidh oiriúnach don gclann ar fad.

Beidh siad ar siúl timpeall na tíre an deireadh seachtaine beag seo agus beidh fáilte mhór roimh theaghlaigh!

Beir leat roinnt bídh; tá cluichí agus spraoi geallta!

Is trí mheán na Gaeilge a eagrófar na hócáidí seo, dár ndóigh.

Ard-Mhúsaem Shaol na Tuaithe, Maigh Eo / 16 Bealtaine @ 10:15
Páirc Fhiadhúlra Fota, Corcaigh / 17 Bealtaine @ 13:30
Tearmann Dúlra Dhroim nDamh, Doire / 17 Bealtaine @ 12:00
Páirc an Chúil, Gort Inse Guaire, Gaillimh / 17 Bealtaine @ 13:00
The Mall, Baile Longfoirt, An Longfort / 17 Bealtaine @ 14:00
Tailte Páirce Loch na Buaraí, Uibh Fháilí / 17 Bealtaine @ 14:00


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE