IMRAM, G-Spota & neart eile!

siamsa-rnag


1) FÉILE: IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge / Ionaid éagsúla, Baile Átha Cliath, 9-18 Deireadh Fómhair

IMRAMA

Cuirfear tús inniu le mórfhéile litríochta na bliana IMRAM, a bheidh ag ceiliúradh breis agus seachtain d’imeachtaí san ardchathair as seo go dtí an 18 Deireadh Fómhair.

Idir cheolchoirmeacha, chainteanna, sheoltaí leabhair agus imeachtaí eile a tharraingíonn ceol, litríocht agus ealaín le chéile, tá scoth an chláir curtha i dtoll a chéile a rachadh i bhfeidhm ar an uile dhaoine.

I measc na dtionscadal mór i mbliana cuirfear amhráin de chuid The Pogues i láthair (Dé Máirt, 13 Deireadh Fómhair sa Grand Social), chomh maith le hoíche a dhéanann ceiliúradh ar amhráin Joni Mitchell (Dé hAoine,16 Deireadh Fómhair in Amharclann an Smock Alley), aistrithe go Gaeilge ag Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosentock.

Beidh ceolchoirmeacha éagsúla ann fosta amhail ‘Cleasaí Éin: Tionscadal an Phréacháin’, (Dé Céadaoin 14 Deireadh Fómhair in Amharclann Smock Alley) a bhailíonn dánta sa traidisiún filíochta agus dánta nuachumtha le chéile a thagraíonn don éinín mioscaiseach beag dubh!

Mar is dual d’IMRAM, tugtar ómós d’fhile ar leith le linn na féile agus i mbliana is saol agus saothar Nuala Ní Dhomhnaill a bheas á cheiliúradh.

Chuige sin, bailíodh filí le chéile i Mc Grattan’s, Sráid Bhaggóid, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh, 18 Deireadh Fómhair ag 7.30in lena rogha dánta le Nuala a chur i láthair i dteannta leithéidí Melanie O’Reilly, amhránaí snagcheoil atá faoi anáil an mhórfhile.

Oíche speisialta atá geallta!

An méid seo agus níos mó arís ar fáil sa gclár chuimsitheach.

Idir an dá linn, tugaigí cluas le leagan galánta Caitríona O’Leary den amhrán ‘All I Want’ le Joni Mitchell.


2) FÉILE: Féile na Carraige / Glór na Móna agus Ionaid éagsúla, Iarthar Bhéal Feirste, 9-11 Deireadh Fómhair

Breag

10 mbliana ar an bhfód, tá Féile na Carraige ag déanamh éachta ar son na n-ealaíon agus scoth na féile á reáchtáil acu in iarthar Bhéal Feirste bliain i ndiaidh bliana.

Anocht beidh 1981, dráma scríofa agus léirithe ag an aisteoir ildánach Tony Devlin, a thugann léargas ar an deichniúr fear a fuair bás sa streachailt ar son stádais pholaitiúil.

Tiocfaidh na Gaeil le chéile oíche amárach ag an G-Spota, i gclub Naomh Eoin, Bóthar na Carraige Báine, áit a mbeidh an t-amhránaí J.J O Dochartaigh, as Doire Colm Cille, agus Bréag, an banna reigé is ansa leis na Gaeil, ag teacht le chéile le cinntiú go mbeidh na cosa ag bogadh ar an urlár damhsa go dtí na huaireanta beaga.

Beidh imeachtaí teaghlaigh agus eile nach iad le linn an deireadh seachtaine.

Tugaigí spléachadh ar an gclár.


3) OÍCHE LE hÚDÁR: Colum McCann / Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Dé hAoine, 8in (€15/€12)

Colum McCann

Tabharfaidh an t-údar mór Colum McCann, as Baile Átha Cliath, a bhfuil sárdhíol ar a shaothair anseo agus go hidirnáisiúnta, aghaidh ar Ghaillimh arís d’oíche speisialta, a mbeidh sé ag léamh sleachta as a leabhar nua Thirteen Ways of Looking, leabhar atá cheana féin luaite le gradaim.


4) OÍCHE CHEOIL: Cairde Charna / Cultúrlann na hÉireann, 32 Cearnóg Belgrave Theas, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 10 Deireadh Fómhair ag a 8in.

Imigrant centre

Beidh féasta ceoil, damhsa agus amhrán san ardchathair amárach, á reáchtáil i gcomhpháirt le CCÉ, le hairgead a bhailiú d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach atá beartaithe do cheantar Charna, Conamara na Gaillimhe.

Déanfaidh an t-ionad comóradh ar na sluaite a d’fhág an ceantar thar na blianta, ar shoithí an nós na loinge thuas.

Seán Ó Sé a bheas mar fhear a’ tí ar an ócáid a bhaileoidh amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí le chéile, ina measc Joe McDonagh, Johnny Mháirtín Learaí, Aisling Ní Cheannabháin, Oisín Morrison agus Eibhlís Ní Shúilleabháin, chomh maith leis na sár-fhonnadóirí a bhaineann le camchuairt an chomhaltais ‘Macalla na hÉireann’.

Don té atá fiosrach, taispeánfar an dearadh den ionad úr anocht sular gcuirtear tús leis an tógáil níos deireanaí sa mhí!.

Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE