Inniu an lá deireanach le ticéad ar ‘luathphraghas’ a fháil d’Fhéile na Gealaí

Níl ach cúpla uair an chloig fágtha agat do thicéad a cheannacht don fhéile Ghaeilge is mó fás in Éirinn agus deireadh ag teacht anocht leis an ‘luathphraghas’ ar na ticéid d’Fhéile na Gealaí 2023. Beidh ticéid champála ‘Sraith 1’ ar fáil go dtí 23.30 anocht ar €85 (+ táille €7.15) sula n-ardófar an praghas do thicéid ‘Sraith 2’. Tabharfar an ticéad seo cead isteach ag daoine atá os cionn 18 mbliana chuig láthair campála na féile agus airéine na féile féin.

Tá ticéid eile ar fáil chomh maith do dhaoine nach dteastaíonn uathu campáil ag an bhféile ná an deireadh seachtaine uilig a chaitheamh ann. €80 (+€6.78) a chosnaíonn ticéad deireadh seachtaine gan cead campála. Beidh an duine a cheannóidh an ticéad sin in ann deoch ón taobh amuigh a thabhairt isteach chuig an airéine.

€50 (+€4.60) atá ar thicéad lae a ligfidh duine isteach ar an Aoine nó ar an Satharn agus isteach chuig An Bradán Feasa i mbaile Ráth Chairn san oíche. Ní bheidh cead ag duine a bhfuil an ticéad seo aige isteach sa láthair campála ar chor ar bith. Beidh imeachtaí speisialta ar fáil do pháistí ag Féile na Gealaí agus tá ticéid speisialta ar fáil do thuismitheoirí ar mhaith leo freastal ar na himeachtaí sin a beidh ar siúl i Leabharlann Ráth Chairn agus in Áras Pobail Ráth Chairn. Beidh cead isteach chuig an airéine go dtí 20.00 leis an ticéad céanna. Cosnóidh ticéad do thuismitheoir amháin €15 (+€2.07) agus ticéad do bheirt tuismitheoirí €30 (+€3.15).

Beidh Féile na Gealaí 2023 ar siúl ar an 9-11 Meitheamh i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí. I measc na gceoltóirí agus na mbannaí ceoil a bheidh i láthair ag an bhféile beidh IMLÉ & Róisín, Pólca 4, Súil Amháin, Emma Ní Fhíoruisce, Grooveline, Dris Óg, an Chéad Ghlúin Eile agus go leor eile.

I measc na n-imeachtaí don aos óg a bheidh ar siúl ag an bhféile beidh ‘Picnic Teidí’, ceardlanna ealaíne, dioscó na n-óg, agus tuilleadh.

Tá bus eagraithe ag Club Chonradh na Gaeilge ó Bhaile Átha Cliath go Ráth Chairn do mhuintir na hardchathrach. Fágfaidh an bus an Club ar Shráid Fhearchair ag 15.00 ar an Aoine agus fillfidh sí ar an gcathair ag 12.00 ar an Domhnach. Tá costas €20.28 ar an ticéad bus. 

SCÉALTA EILE