Inniu an sprioclá d’iarratais ar Chomórtais Ardáin an Oireachtais

Inniu an lá deireanach le hiarratas a dhéanamh ar na Comórtais Ardáin ag Oireachtas na Gaeilge 2022. Beidh an tOireachtas ar siúl i gCill Airne arís i mbliana ón 2-6 Samhain agus tá réimse leathan comórtas ann ar an gclár. 

Glacfar le hiarratas go dtí deireadh an lae oibre inniu ar na comórtais amhránaíochta, damhsa, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíochta, dreas cainte, uirlisí ceoil, agus go leor leor eile. 

Tá trí chomórtas nua ann do na ceoltóirí óga i mbliana: an veidhlín, an fheadóg stáin, agus an ceol beirte. Beidh deich gcomórtas ar fad ann do na daoine óga agus fiche comórtas do na daoine fásta, Corn Uí Riada ina measc. 

“Is iad na comórtais ardáin croílár na féile. Ní hamháin go dtugann siad ardán d’ealaíontóirí dúchasacha na tíre ach tugann siad deis do pháistí páirt a ghlacadh i bpríomhfhéile na nGael. Feictear dúinn ag Comórtais na nDaoine Óga bliain i ndiaidh bliana go mbeidh ár gcultúr, ár n-oidhreacht, agus ár dtraidisiún beo agus slán do na glúnta amach romhainn.

“Ní raibh deis ag na daoine óga seo nó ag duine ar bith a bheith ar na hardáin seo le cúpla bliain de bharr na paindéime agus tá muid ag súil go mór le filleadh ar an bhféile agus lenár gcultúr dúchasach a cheiliúradh lena chéile arís,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an tOireachtas. 

Is féidir clárú le haghaidh na gcomórtas ardáin anseo.

SCÉALTA EILE