Ióga trá i gCorca Dhuibhne agus imeachtaí eile

Bernadette Morris agus Gerard Thompson ag Coirnéal an Cheoil

Satharn 24 Iúil @13:00 

Leanfar leis an tsraith iontach Coirnéal an Cheoil i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich an deireadh seachtaine seo. Is iad Bernadette Morris agus Gerard Thompson a bheidh linn an babhta seo, agus an choirm cheoil le craoladh beo ar líne

Pop Suas Gaeltacht Choillte Sheanchua 

Satharn 24 Iúil @15:00, Coillte Sheanchua

Beidh ciorcal comhrá míosúil Choillte Sheanchua CLG ag tarlú den chéad uair riamh i dTigh Dhoogue Ráithín. Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge. Tagaigí agus labhraígí an cúpla focal sa phuball mór lasmuigh, áit a mbeidh cúpla deoch ar fáil.

Tuilleadh eolais ar Facebook.

Rang Ióga Trá

Satharn 24 Iúil @16:00, Trá Cappa, Ciarraí

An bhfuil tráthnóna síochánta uait agus tú fós ag glacadh páirt in imeacht gníomhach? Tá rang ióga eagraithe ag Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh ar Thrá Cappa i gContae Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn. €10 an duine an costas agus is gá do mhata ióga féin a thabhairt leat. 

Ciorcal Comhrá ar an bPromanáid

Luan 26 Iúil @ 13:00, Cóbh

Beidh Gaeil Chorcaí ag teacht le chéile ar an bPromanáid i gCóbh le scíth a ligean, bolgam tae a ól, agus neart comhrá a dhéanamh le Craobh an Oileáin Mhóir (CnaG). Fáilte roimh gach duine, is cuma cén caighdeán Gaeilge atá acu.

Caint Am Tae: Ceol is ceoltóirí traidisiúnta i gceantar Sráid Henrietta 

Céadaoin 28 Iúil @19:00 Beidh an staraí agus an treoraí Fergus Whelan i mbun comhrá leis an bpíobaire Néillidh Mulligan in 15 Sráid Henrietta i mBaile Átha Cliath. Bhunaigh athair Néillidh, Tomás, Club Shráid an Teampaill sa cheantar fadó agus beidh an club agus saol an cheoil timpeall Shráid Henrietta á phlé aige le Fergus, i measc rudaí eile. Is gá clárú don imeacht seo roimh ré. 

SCÉALTA EILE