Is cróga na Rósanna ná an-chuid daoine a bhíonn á gcáineadh

Cúpla rud atá cinnte sa saol : an bás, cáin agus díospóireacht faoi Rós Thrá Lí i lár mhí Lunasa.  Dar le mo mháthair, tagann deireadh an tsamhraidh le Rós Thrá Lí. Dar le daoine eile, deireadh an tsaoil atá ann – mná óga gléasta i ngúnaí deasa á gcur i láthair os comhair an domhain mhóir, fear ó RTÉ ag cur ceisteanna orthu faoina gcéim ollscoile, faoina ngrá, faoina bpobal, agus muid ar fad ag breathnú orthu sa mbaile, á ngrádú agus á gcur i gcomparáid lena chéile, ag fanacht ar fhreagra na ceiste: cé acu is deise, is áille, is “róise”? 

Thosaigh an díospóireacht inniu ar Newstalk (cá háit eile?) le Susan Keogh a rá gur “cacamas” a bhí sa méid a dúirt fear an tí, Dáithí Ó Sé, faoin gcomortas nuair a chuir sé síos air mar léargas maith ar cad a bhí ar siúl ag mná na hÉireann sa lá atá inniu ann. Tháinig duine de mhuintir Healy Rae (cé eile) i gcabhair ar an gcomórtas, agus é á rá aige go léiritear éirim agus cumas na mban leis an gcomórtas seo (an bhfaca sé Rós Bhaile Átha Cliath ag damhsa cúpla bliain ó shin?*). 

Déantar ceap magaidh go rialta de Rós Thrá Lí – smaoiníonn muid ar fad ar Father Ted agus comórtas na Lovely Girls, agus na tónta áille a bhí orthu ar fad. Nó níos measa arís, ar an Savage Eye agus Eimear Ní Hula-Hoop, a d’inis scéal faoi éisteacht le clár raidió Ray D’Arcy agus í ar laethanta saoire sa Spáinn. 

Thuigfeá don té a dhéanfadh an magadh sin ar bhealach – ceisteanna áifeiseacha á gcur ar chailiní  óga, rialacha seanfhaiseanta an chomórtais, sean-íomha d’Éirinn a cruthaíodh sna hagallaimh agus na píosaí cainte, an comórtas talainne ina ndéantar steip nó amhrán Mhary Black a rá, an t-amhrán uafásach sin a bhodhraíonn ag deireadh na féile muid – ach caithfidh mé a admháil go mbainim taitneamh as, agus ceapaim go bhfuil luaíocht áirithe ag baint leis ina iomláine. 

Tá an fhéile í féin ag éirí níos nua-aimseartha de réir a chéile — le cúpla bliain anuas, tá an comórtas buaite ag triúr Rósanna de shliocht inmirceach. Nuair a fograíodh go raibh Rós Philadelphia 2014, Maria Walsh (a bhuaigh an comórtas), ina leispiach, ba chuma linn ar fad – comhartha suntasach, b’fhéidir, ar fhorbhairt na sochaí a thiocfaidh chun solais le torthaí an reifrinn ar an gcomhionnanas pósta bliain ina dhiaidh. 

Cuireadh suim ar an mbualadh bos a fuair Brianna Parkins, Rós Sydney 2016, nuair a mhaígh sí go hoscailte gur thacaigh sí leis an ngluaiseacht ar mhaithe leis an 8ú Leasú a aisghairm ar an ardán – comhartha arís, seans, go raibh tuairimí na hÉireann i leith na gceisteanna móra seo ag athrú. 

Ní oinseacha na mná seo – ar chor ar bith. Déarfainn go bhfuil siadsan níos cróga ná an-chuid daoine a bhíonn á gcáineadh ar na meáin chumarsáide nó sóisialta. Teastaíonn uathu ionadaíocht a dhéanmah ar son a bpobail agus a muintire, agus tá an muinín agus an chrógacht acu dul os comhair na milliún a fhéachann air, go leor acu ag fanacht le bheith ag magadh fúthú.

 Tá na mná seo beag beann ar ár gciniciúlacht, ar ár éad, ar ár ngangaid – agus tá an ceart ar fad acu. 

D’fhéadfadh na mná seo ceacht a mhúineadh dúinn ar fad, na laethanta seo a mbíonn muid buartha faoin íomhá sin a chuireann muid amach go póiblí – gur cheart do rogha rud a dhéanamh, muinín a bheith agat asat féin, agus neamhaird a dhéanamh orthu siúd a dhéanann iarracht beag is fiú a dhéanamh de do phaisean. Go n-éirí libh ar fad anocht! 

*Ceapaim féin go raibh Rós Bhaile Átha Cliath iontach ar an oíche, agus gur mór an peaca é nár éirigh léi sa chomórtas. Mhill fear an cheamara uirthi é. B’fhéidir nach raibh na moltóirí ullamh le rince paiseanta mar sin. Mo náire iad.

SCÉALTA EILE